Tá sé mar mhisean ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn muid a chur ag smaoineamh faoinár gcuid éadaí ar bhealach éagsúil.
Bíonn tionchar nach beag ag ar nósanna siopadóireachta ar an timpeallacht agus ar an domhan. Gach bliain dóitear, nó dumpáiltear i láithreáin líonta talún, na milliúin tonnaí d’éadaí, ach tá andúil againn go fóill san fhaisean ghasta.
Tá Éadaí SOS ar ais don dara sraith agus Caoimhe agus Proinsias, na láithreoirí, ag cur dúshlán roimh cheathrar atá gafa le faisean, lena gcuid nósanna a athrú agus le cuidiú leo bealach inbhuanaithe a aimsiú a ndúil san fhaisean a chothú.
Beidh an tsraith ar fáil ina hiomláine ar BBC iPlayer ón Luan 26 Meitheamh agus beidh an chéad chlár craolta an oíche sin, ar BBC Two NI ar 10in. Tá an tsraith léirithe ag Waddell Media do BBC Gaeilge agus TG4, le tacaíocht ó Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.
I ngach clár, dírítear ar dhuine amháin a bhfuil dúil as cuimse acu san fhaisean ghasta, a bhfuil a vardrús lán go doras acu, agus nós acu feisteas nua a cheannach do gach ócáid – gan smaoineamh ar na himpleachtaí a bhíonn ann don domhan.
Téann Caoimhe ar cuairt chuig teach an rannpháirtí ag tús gach clár, áit a bhfuil sé furasta an fhadhb a aithint. Tógann Caoimhe agus a cuiditheoirí na héadaí uile ar shiúl leo le hanailís a dhéanamh orthu, agus an rannpháirtí fágtha gan ach 15 ball éadaigh le caitheamh go ceann coicíse. Anuas air sin, tá cosc iomlán ar an siopadóireacht le linn na tréimhse.
Ar ais san áiléar, tugann fear na bhfigiúirí, Proinsias, léargas ar líon na n-éadaí atá ag an rannpháirtí agus roinneann sé staitisticí suntasacha faoi na héadaí nach mbíonn caite acu chomh minic sin nó ar chor ar bith go fiú.
Tá crann taca in aice láimhe, áfach, le foireann saineolaithe a thugann treoir agus tacaíocht. An Dr Dion Terrelonge, síceolaí faisin, Bronagh Crothers, bean fuála agus Moya Doogan, dearthóir feistis. Tugann an triúr comhairle agus nodanna don rannpháirtí lena nósanna a athrú, a gcuid éadaí féin a athnuachan agus le feisteas úr a chruthú a luíonn lena stíl uathúil féin.
Tosaíonn an tsraith úr le Grace, Feirsteach faiseanta atá gafa leis an siopadóireacht ar líne. Faigheann an fhoireann amach cé acu an mbeidh Maedhbh, múinteoir as Cromghlinn, ábalta nósanna úra a fhoghlaim sa dara clár.
In eagrán a trí, téann foireann Éadaí SOS go dtí An Cobh, Chontae Chorcaí, lena léiriú do Dhónall go dtig leis buzz a fháil ó chaithimh aimsire eile nach siopadóireacht iad. Críochnaíonn an tsraith i Sord, i mBaile Átha Cliath, áit a mbuaileann muid le Emma, an t-aeróstach. Bíonn deiseanna siopadóireachta aici féin timpeall an domhain ach tá comhairle ag ár síceolaí faisin di.
Beidh an tsraith ar fáil ina hiomláine ar BBC iPlayer ón Luan 26 Meitheamh leis an chéad chlár le feiceáil ar BBC Two NI ar 10i.n.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.