Search

22 Oct 2025

Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu in Anagaire

Tús a chur le Comórtas Peile na Gaeltachta

Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inniu in Anagaire

Ba in Anagaire i gceantar Gaeltachta na Rosann a tionóladh cruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta inniu, Dé hAoine, tráth a bhfuil na sluaite as gach cearn den Ghaeltacht ag trial ar Ghaeltacht Thír Chonaill do Chomórtas Peile na Gaeltachta, cheann de na mór-ócáidí bliantúla i bhféilire na Gaeltachta.

Ar maidin a chas coiste Chomórtas Peile na Gaeltachta le bord Údarás na Gaeltachta, atá i measc phríomh-urraithe an chomórtais.

Dúirt cathaoirleach sealadach an Údarás, Mary Uí Chadhain: “Is iontach an rud é a bheith anseo sna Rosa don ócáid fíor-speisialta seo. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de na deiseanna luachmhara a bhíonn ag pobal na Gaeltachta, idir fhir agus mhná, teacht le cheile i mbun spóirt, scléip agus siamsaíochta.

"Tá obair mhór déanta ag an gcoiste áitiúil agus ag CLG Naomh Muire anseo lena chinntiú go mbeidh comórtas den scoth ann i mbliana. Is iontach an rud na foirne agus a lucht tacaíochta a fheiceáil ag teacht ó cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre; cuirimid fáilte speisialta freisin roimh na bhfoirne sin atá tagtha ó taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a chuireann go mór leis an gcomórtas mar gheall ar a dtiomantas don spórt agus don teanga. Guíonn muid gach rath orthu uile.”

I measc na n-ábhar a pléadh ag cruinniú an lae inniu, bhí na figiúirí do Dhaonáireamh 2022 maidir leis an nGaeilge, a d’fhoilsigh an Phríomhoifig Staidrimh an tseachtain seo.

Dúirt príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Is maith an rud é go bhfuil stop curtha leis an titim tubaisteach a chonaic muid ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa nGaeltacht i nDaonáireamh 2016. Beidh tuilleadh scagadh le déanamh ar na figiúirí, agus beidh muid ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ar na fáthanna atá le fás suntasach san méid cainteoirí Gaeilge i gceantair áirithe agus titim suntasach i gceantair eile.  

"Is léir go bhfuil staid na Gaeilge leochaileach sa nGaeltacht.  Ach tá muid muiníneach go mbeidh muid in ann na figiúirí seo a úsáid mar thúsphointe; tá muid dóchasach, ag obair i gcomhair le pobal na Gaeltachta agus an státchóras, gur féidir linn tógáil ar an obair mhaith atá á dhéanamh agus go bhfeicfidh muid sa gcéad Daonáireamh eile toradh na h-oibre sin go forleathan. “

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.