Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh Chomhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála a thabhairt do Dhrioglann Fuisce, Siopa Earraí, Caife, Beár Blaiseadh agus Ionad Oidhreachta ar Páirc Ghnó Charna, Roisín na Maithniach, Contae na Gaillimhe.
Rinne an tÚdarás an t-iarratas ar son Dhrioglann Iarthar na Gaillimhe Teoranta
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Is dea-scéal é seo do cheantar Iorrais Aithneach agus do Chonamara. Cuirfidh an t-ionad nua atá beartaithe go mór le hacmhainn turasóireachta an cheantair.
"Ní amháin go mbeidh ar chumas lucht forbartha na drioglainne táirge den chéad scoth a chur ar fáil ach beidh ionad tarraingteach turasóireachta ann, a chuirfidh se go mór le mealltacht an cheantair do chuairteoirí agus a bheidh sé ina áis freisin do phobal an cheantair."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.