Search

06 Sep 2025

Trúir intéirneach ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge in RTÉ

Beidh na hintéirnigh ag déanamh cúrsa 3 seachtainí mar mheitheal foghlamtha i gceann-áras RTÉ i nDomhnach Broc

Trúir intéirneach ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge in RTÉ

Katie Whelan, Joseph Mac Aoidh agus Róisín Ní Mhaoláin

Is údar bróid d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil triúr as 15 duine atá rannpháirteach i gclár nua intéirneachta RTÉ ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge, beirt acu siúd le craoltóireacht sa nGaeltacht.

An tseachtain seo a cuireadh tús leis an gclár intéirneachta do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair le raidió nó le teilifís sna réimsí éagsúla in RTÉ, ina measc, cúrsaí léirithe, raidió, TV, ar-líne, cúrsaí teicniúla, riaracháin agus eile. Ta Údarás na Gaeltachta ríméadach go bhfuil an tacaíocht atá siad a chur ar fáil don chlár intéirneachta ag cinntiú go bhfuil dlús breise leis an gcuid sin den chlár oiliúna atá dírithe ar an nGaeilge.

Mar cheann de na ghnéithe is suntasaí a bhaineann leis an gclár oiliúna, beidh na hintéirnigh ag déanamh cúrsa 3 seachtainí mar mheitheal foghlamtha i gceann-áras RTÉ i nDomhnach Broc. I rith an ama sin, beidh siad ag cur lena dtaithí, ag foilsiú ábhair ar ardáin éagsúla fuaime, físe agus scríofa, ag obair mar chuid de na meithleacha oibre agus ag cur leis an ngréasán atá acu. Beidh siad ansin ag dul ag obair ar feadh tréimhse in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ i gCasla, Baile na hAbhann agus na Doirí Beaga.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:“Is iontach an rud é go bhfuil RTÉ ag cur deis luachmhar ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ag obair i saol na craoltóireachta. Maraon leis an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta do leithéide TG4 agus a gcúrsaí oiliúna siúd, tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas an gné Gaeilge den chlár seo a threisiú, ar mhaithe le tuilleadh deiseanna a chruthú do phobal na Gaeltachta, i reimse oibre atá thar a bheith luachmhar don Ghaeltacht trí chéile. “

 

Dúirt Kevin Burns, ceannasaí RTÉ Learn:"Tá an-áthas ar RTÉ faoin bpáirtnéireacht seo leis an Údarás mar go dtugann a thacaíocht deis dúinn cur le líon ár n-intéirneach i mbliana, agus triúr dóibh ag obair i gCláracha Gaeilge, RTE Raidió na Gaeltachta agus Nuacht RTÉ/TG4.  

"Caithfidh an triúr intéirn seo seal ag obair sa Ghaeltacht tar éis dóibh a trí seachtainí traenála a chríochnú i nDomhnach Broc. Tá súil againn go gcáithfidh siad sé mhí spreagúla linn agus táimid ag súil go mór le cuidiú leo taitneamh agus tairbhe a bhaint as an deis oibre agus foghlama iontach seo".

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.