FILE PHOTO
Tá Glór na nGael ag iarraidh ar Roinn an Oideachais sna Sé Chontae athmhachnamh a dhéanamh ar an chinneadh ciorruithe a chur i bhfeidhm ar Altram.
Is í Altram an t-aon eagraíocht tacaíochta agus comhairleach ó thuaidh d'earnáil oideachais luathbhlianta na Gaeilge. Dúirt Bainisteoir Forbairt Teaghlaigh le Glór na nGael, Marcas Mac Ruairí go bhfuil ciorrú le cur i bhfeidhm ar a mhaoiniú ó £175,000 go £100,000 nó 43% dá bhuiséad atá ró-shínte cheana féin.
Ag cáineadh cinneadh Roinn an Oideachais, dúirt Marcas Mac Ruairí: “Gortóidh an cinneadh míchiallmhar seo teaghlaigh, déanfaidh sé dochar do na roghanna atá ag tuismitheoirí d’oideachas a bpáistí agus déanfaidh sé dochar don soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.
“Is bunchlocha iad na suíomhanna réamhscoile agus luathbhlianta don chóras Gaelscolaíochta ó thuaidh. Ní bheidh ach tionchar diúltach ag an chinneadh seo ar na suíomhanna réamhscoile lán-Ghaeilge, tionchar diúltach ar thacaíocht ó speisialtóirí, ar tháirgeadh acmhainní agus ar oiliúint do chleachtóirí. Ag teacht sa mhullach ar bhagairt deireadh a chur le maoiniú do na naíscoileanna féin, déanfar damáiste ar chaighdeán foriomlán an eispéiris oideachais ar leanaí réamhscoile agus ag aois bhunchéime."
Mhaigh sé go bhfuil go leor de na naíscoileanna anois i mbaol a ndruidte agus go mbeidh drochthionchar ag na ciorruithe ar chumas na dtuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar a rogha is fearr agus sa deireadh thiocfadh le líon na leanaí a chláraíonn i suíomhanna lán-Ghaeilge titim.
“Iarrann Glór na nGael ar Roinn an Oideachas TÉ an cinneadh seo a aisghairm agus an maoiniú a chur in áit arís" ar sé.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.