Search

07 Sep 2025

Freastal iontach ar cheardlann oiliúna agus gréasánaíochta do choistí pobail

"Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do phobal na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn"

Freastal iontach ar cheardlann oiliúna agus gréasánaíochta do choistí pobail

Tomás Ricard - Foróige

Bhí ionadaithe ó 18 coiste pobail Gaeilge, idir coistí Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta, i láthair ag Ceardlann Oiliúna agus Gréasánaíochta dhá lá a d'eagraigh Glór na nGael in óstán an Hodson Bay in Áth Luain an tseachtain ar na mallaibh. 

Dúirt Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, Caitríona Nic Seoin,  go bhfuil sé tábhachtach an spás a chur ar fáil do grúpaí pobail theacht le chéile.

"Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do phobal na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ceann de na bealaigh gur féidir linn sin a dhéanamh ná ócáidí mar seo a eagrú dóibh siúd atá ag plé leis an phobal ar bhonn logánta.

"Ní hé amháin go dtig leo foghlaim faoi uirlisí nua ar nós an VR, níos tábhachtaí ná sin b'fhéidir, ná tugann sé an deis dóibh aithne a chur ar a chéile, taithí s'acu a roinnt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar théamaí comónta," a dúirt Nic Seoin. 

Bhí aischothú an-dearfach ann ó na rannpháirtithe thar an dá lá: "Nuair a théim ar ais go dtí an oifig beidh mé ag féachaint cén bealach a bheidh muid ábalta sin (VR) a úsáid dúinn féin i nGaelphobal Thamhlachta. Tá a lán buntáistí ann. Bhí inniu chomh suimiúil. Ag bualadh le daoine ó cheantracha eile atá ag déanamh an obair chéanna," a dúirt Oifigeach Forbartha le Gaelphobal Thamhlachta, Dawn Nic Íomhair.

Dar léi go gcruthaíonn a léithid deiseanna comhoibrithe sa todhchaí.

Ba deis iontach a bhí sa seisiún gréasánaíochta dar le Dónall Ó hAiniféin, An Clár as Gaeilge. "Tá cuid mhaith de na coistí pobail go bhfuil aithne agam orthu ar an bhfón agus mé tar éis plé leo. Bhí sé go hiontach bualadh leo aghaidh ar aghaidh don chéad uair." 

Bhí an ócáid seo mar chuid de shraith ceardlanna agus deiseanna gréasánaíochta a bheidh a eagrú ag Glór na Gael le linn na bliana

Eagraíodh ceithre phríomhimeacht thar an dá lá; blaiseadh teic ó Foróige maidir leis na huirlisí a úsáideann siad agus iad ag obair le daoine óga, agus deis triail a bhaint astu - idir VR, beochán, podchraoltaí agus dearadh graifice. Bhí seo curtha i láthair ag Tomás Rickard; Gréasánaíocht - deis gréasánaíochta idir na hoifigigh bailte seirbhíse gaeltachta, líonraí Gaeilge, scéim forbartha líonraí Gaeilge, agus Oifigigh Pleanála Teanga Gaeltachta; Fóraim dúnta - Fóraim plé do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge agus grúpaí ar an scéim forbartha líonraí Gaeilge agus rinneadh 
cur síos ar na féidearachtaí a bhaineann le forbairt pobail comhtháite bunaithe ar an bpróiseas forbartha atá idir lámha i nGaoth Dobhair faoi láthair, le Breandán Mac Cormaic - Teacht Aniar

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.