Search

06 Sep 2025

Gaeltacht Thír Chonaill faoi réir le fáilte a chur roimh Fhéile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip

Gaeltacht Thír Chonaill faoi réir le fáilte a chur roimh Fhéile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip

Beidh scoth na nuálaithe óga ag teacht go Gaoth Dobhair as chuile chearna den Eoraip, chun páirt a ghlacadh i bhFéile Idirnáisiúnta Nuálaithe Faoi 35 MIT, An Eoraip a bheas á reáchtáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus i gteic Ghaoth Dobhair, ar an bhformhór .

Le linn na féile, beidh sraith díospóireachtaí, turais, painéil chainte agus imeachtaí sóisialta ar bun, le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag freastal a gcuid oibre a chur ar taispeáint agus plé a dhéanamh ar na bealaigh is fearr inár féidir an nuálaíocht, an teicneolaíocht agus bealaigh nua smaointeoireachta a úsáid leis an saol a fheabhsú.

Tá MIT Nuálaithe Faoi 35 ag ceiliúradh na ndaoine óga seo le breis agus fiche bliain agus beidh siad ag teacht chuig an nGaeltacht i dteannta chuid de na teicneolaithe is fearr aithne ar domhan, ina measc an fisiceoir, Georgios Nounesis, stiúrthóir Ionad Náisiúnta na Gréige do Thaighde Eolaíoch Demokratis, a bheas ag tabhairt an phríomh oráíd do na nuálaithe óga a tháinig tríd próiseas roghnúcháin.

Maraon leis na fiontraithe óga, beidh ionadaithe i láthair ó réimse an ard-oideachais, áisíneachtaí forbartha, comhlachtaí ilnáisiúnta, fiontraithe áitiúla agus go leor eile.

Tá an fhéile ag díriú i mbliana ar an mbealach is fearr leis an sochaí a fheabhsú agus fás eacnamúil a chumasú i réimsí ar nós na bitheicneolaíochta agus leigheas, ríomhaireacht agus leictreonacht, crua-earraí, bogearraí, an idirlíon, intleacht shaorga, róbataic, teilechumarsáid, nanatheicneolaíocht agus ábhar fuinnimh agus iompair.

Maidin amárach, Déardaoin, a reáchtálfar Lá Oideachais i gteic Ghaoth Dobhair agus beidh thárt ar 80 macléinn ó mheánscoileanna Gaeltachta na contae ag obair ar bhealaigh le fadhbanna na linne a réiteach ar bhealaigh nuálacha, in éineacht le ionadaithe ó chomhlachtaí áitiúla agus cuid de na nuálaithe óga.

Trathnóna amárach, Déardaoin, a dhéanfaidh cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain oscailt oifigiúil ar an bhféile i nDrioglann Chroithlí. Beidh sraith imeachtaí agus cainteanna ar bhun i gcaitheamh an lae Dé hAoine i gteic, Ghaobh Dobhair, sula mbíonn clabhsúr na féile ann in Óstán na Cúirte, tráthnóna Dé hAoine.

Ar an Satharn, beidh deis ag na cuairteoirí scíth a ligean agus blaiseadh a fháil de áilleacht na Gaeltachta, agus deis acu dul go barr na hEaragaile nó i mbun surfála ar an gcósta sula bhfilleann siad ar an mbaile.

Is iad Údarás na Gaeltachta i gcomhair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán príomh-urraitheoirí na féile; tá tacaíocht á thabhairt don fhéile freisin ag Comhairle Dhoire, Comhairle Áitiúil an tSrath Bháin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil na Gaillimhe, Catalyst, Randox, Optum, Ollscoil Ulaidh, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh. Is iad Aisling Events atá ag reáchtáil na féile.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.