Search

06 Sep 2025

Tugann réaltaí rugbaí na hÉireann corn cáiliúil go bailte timpeall na tíre

Tugann réaltaí rugbaí na hÉireann corn cáiliúil go bailte timpeall na tíre

Tá an corn ag teacht chuig siopaí ALDI áirithe

TÁ TRÓFAÍ na Sé Náisiún Guinness ar an mbóthar, agus tá sé ag teacht chuig siopa áirithe i mbailte ar fud na tíre.

Fógraíonn ALDI go gcuirfidh siad fáilte roimh na trófaithe Sé Náisiún Guinness agus Choróin Thriarach, chuig líon roghnaithe siopaí mar chuid de turas náisiúnta.

Beidh Paul O’Connell, imreoir cáiliúil rugbaí na hÉireann agus Ambasadóir Rugbaí ALDI, i láthair ag ócáid Chaladh an Treoigh. Is iar-chaptaen é Paul do Chúige Mumhan, d’Éirinn agus do Leoin na Breataine agus na hÉireann.

Is féidir le lucht leanúna rugbaí Luimnigh buail isteach ag an siopa ar an Luan, 8 Bealtaine ó 3in go dtí 4:30in chun a gcuid grianghraf a ghlacadh leis na trófaithe.

Beidh seans ag custaiméirí a phostálann grianghraf díobh féin leis an corn agus clib @aldi_ireland a chur leis, cárta bronntanais €50 a bhuachan chun chaitheamh ina siopa ALDI áitiúil.

Ó 2016, tá ALDI ag feidhmiú mar Chomhpháirtí Oifigiúil Bia Úra an IRFU.

D’oibrigh sé leis an IRFU chun clár náisiúnta a fhorbairt a bheidh dírithe ar pháistí bunscoile ar fud na hÉireann a thugann réamheolas spraíúil sábháilte don spórt do bhuachaillí agus do chailíní.

Go dtí seo, tá níos mó ná €500k infheistithe ag ALDI, rud a léiríonn a thiomantas leanúnach do spórt an rugbaí a fhorbairt agus nósanna sláintiúla a spreagadh i measc leanaí.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin corn ag teacht chuig do bhaile féin, tabhair cuairt ar www.aldi.ie.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.