Search

21 Jan 2026

Bláiseadh beag ar an mhéid a bheas le gnódh as SOLAS

Faigheann lucht gnó agus pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo blaiseadh den méid a bheas ar fáil san ionad nua turasóireachta SOLAS a bheas ag oscailt an Samhradh seo

Bláiseadh beag ar an mhéid a bheas le gnódh as SOLAS

Bhí cruinniú an-tairbheach in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead le gairid, nuair a cuireadh an pobal agus gnólachtaí áitiúla ar an eolas faoin bhfuil beartaithe leis an ionad nua turasóireachta SOLAS atá le n-oscailt ar an Eachléim i mí Iúil.

Bhí Méadbh Seoighe ann chun an togra a chur i gcomhthéacs níos leithne den fhís atá ag an Údarás do thurasóireacht sa nGaeltacht, agus lean Dáithí Ó Gallchobhair ó Fáilte Ireland leis an téama sin agus léirigh an tábhacht a fheiceann Fáilte Éireann leis an turasóireacht sa nGaeltacht agus ar na hoileáin.

Labhair Aoife Porter ó Bua Media faoin mbealach le margaíocht a dhéanamh ar bhuntáistí na Gaeltachta agus mhínigh Dave Ward ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann an tábhacht atá le tithe solais na leithinise agus an leas is fearr is féidir a bhaint astu mar áis turasóireachta.

Labhair Seán Ó Gallachóir ó Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile agus Joan Ní Fhathaigh, a rinne an togra seo a stiúradh d’Údarás na Gaeltachta, faoin tábhacht eacnamúil agus sóisialta a bhaineann le SOLAS don phobal áitiúil,  agus an fhostaíocht a chruthófar agus atá cruthaithe cheana féin, le linn an obair thógála.

Ghlac na hionadaithe áitiúla, Seán Carey agus Gerry Coyle, buíochas le gach a bhí i láthair as an méid rinne siad chun an togra a chur chun cinn go dtí seo.

Beidh an áis nua turasóireachta ag leagan béime ar chultúr agus ar oidhreacht Ghaeltacht Mhaigh Eo agus aird ar leith ar cheangal an phobail leis an bhfarraige. Beidh fócas láidir ar thraidisiún ceardaíochta na Gaeltachta agus beidh eolas le fáil ann faoi shaibhreas sainiúil comhshaoil agus nádúir an cheantair.  

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.