Trathnóna Déardaoin a bheas cruinniú eolais á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile, le léargas a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla ar an méid atá beartaithe don Ionad Turasóireachta nua SOLAS, agus na deiseanna a chuirfidh an togra ar fáil don tionscal turasóireachta go háitiúil.
Beidh feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fháilte Éireann i láthair, maraon le ionadaí ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann agus ón gComharchumann féin, chun léargas a thabhairt ar an méid atá beartaithe. Beidh deis líonraithe mar chuid den ócáid chomh maith, agus seans ag an dream a bheas i láthair casadh lena chéile agus féachaint an bhfuil deiseanna comhoibrithe eatarthu.
Tá sé i gceist an tIonad a bheith á oscailt i dtreo lár an tSamhraidh agus go gcuirfidh sé go mór le infreastruchtúr turasóireachta an iarthair, suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, i gceantar Thuaisceart Mhaigh Eo, ceantar a bhfuil acmhainn iontach nádúrtha turasóireachta ann.
Dúirt Seán Ó Coisdealbha, bainisteoir Réigiún an Iarthair le hÚdarás na Gaeltachta: “Tá muid thar a bheith sásta gur gearr go mbeidh an togra seo tugtha chun críche, togra straitéiseach atá thar a bheith tábhachtach do Ghaeltacht Mhaigh Eo agus do chúrsaí turasóireachta san iarthar trí chéile. Beidh SOLAS ag ceangail le chéile an iliomad sreang de scéal turasóireachta cheantar Iorrais agus Thuaisceart Mhaigh Eo, idir stair agus cultúr An Fhóid Dhuibh agus Bhéal an Mhuirthead agus Tithe Solais na leithinise. Tá muid muiníneach go mbeidh an tIonad ina acmhainn thábhachtach shóisialta, chultúrtha agus eacnamúil don cheantar agus don Ghaeltacht.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.