Údarás na Gaeltachta
Ba ar Chill Chiaráin i gConamara a bhí trial chomhaltaí agus feidhmeannaigh an Údaráis inniu, Dé hAoine, do chruinniú míosúil bhord Údarás na Gaeltachta. Sular cuireadh tús leis na cruinnithe foirmeálta, bhí deis ag Fóram Chonamara Láir, an eagraíocht atá dhá mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt pobail i gceantair Charna, Chill Chiaráin, an Chaisil, Chamuis, Ros Muc agus Sraith Salach, cur i láthair a dhéanamh don bhord. Tugadh léargas ar an obair atá ar siúl ag an eagraíocht agus ar na pleananna atá acu an obair a fhorbairt.
Tar éis na cruinnithe, thug an bord agus na feidhmeannaigh cuairt ar shuíomh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin. Phlé an tÚdarás féidearthachtaí an togra le ionadaithe ó phobal Iorras Aithneach ag an chruinniú áitiúil.
Ag labhairt di tar éis an chruinnithe, dúirt cathaoirleach eatramhach an bhoird, Mary Uí Chadhain: “Tá an-ríméad orm a bheith anseo in Iorras Aithneach ar maidin, m’áit dhúchais féin. Tá an-tuiscint ag an Údarás ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag pobail cheantair tearcfhorbartha ar nós an cheantair seo, ní amháin i gConamara ach ar fud na Gaeltachta. Tá an tacaíocht a thugann an tÚdarás d’fhorbairt agus d’fhostaíocht sna réigiúin seo cinniúnach má tá pobail láidre, forásacha Gaeltachta le maireachtáil iontu.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: "Fuair muid eolas luachmhar anseo inniu ón gcur i láthair a rinne Fóram Chonamara Láir dúinn, faoin tábhacht atá le tacaíocht Údarás na Gaeltachta do Iorras Aithneach, áit ina bhfuil an Ghaeilge ag croílár an phobail agus na gníomhaíochtaí pobail ar fad a bhfuil muid ag tacú leo.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.