Search

06 Sep 2025

Fiosrúchán ar siúl i gcathair Luimnigh i ndiaidh ionsaí marfach

Imscrúduithe ar siúl ar ionsaí i gcathair Luimnigh a d'fhág bean marbh

Pictiúr: Adrian Butler

Tá gardaí Luimneach i mbun fiosrúcháin i ndiaidh gur maraíodh bean ina 20idí in ionsaí.    

Tharla an eachtra ag teach cónaithe ar Bhóthar an Duga, i lár na cathrach, ag thart ar 1:30pm, Dé Máirt.

Tá an láthair caomhnaithe i láthair na huaire le haghaidh scrúdú teicniúil ag Biúró Teicniúil an Gharda Síochána. 

Tá oifig an Phaiteolaí Stáit curtha ar an eolas i dtaca le scrúdú iarbháis. 

Tá gardaí ag impí ar dhaoine atá eolas acu agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an bhfiosrúchán teagmháil a dhéanamh leo.

Tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhfuil taifid acu a tógadh i gceantair Bhóthar an Duga agus Shráid Uí Churraí i gCathair Luimnigh idir 1pm - 2pm teagmháil a dhéanamh leo.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le Stáisiún Garda Shráid Anraí ar 061 212 400, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon Stáisiún Garda.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.