Michelle Rogers, Leas-Phríomhfheidhmeannach, Ospidéal Naomh Eoin; An Dr Marie Casey, Comhairleach, Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair. Pictiúr: Keith Wiseman
Tá Roinn Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair ag iarraidh muintir Luimnigh, an Chlár, agus Tiobraid Árann Thuaidh a chur ar an eolais faoin eitinn (TB).
Tá Roinn Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair agus Ospidéal Naomh Eoin ag co- oibriú chun a chlinic oifigiúil um rianú teagmhála, tástála agus monatóireachta eitinne a oscailt in ospidéal i lár na cathrach.
Dúradh go n-osclófar an MyContact Clinic, dhá lá sa tseachtain ar a laghad. San chlinic seo, aithneofar agus scagfar dlúth-theagmhálacha othair eitinne, agus cuirfear cóir leighis orthu siúd a aithnítear tríd an bpróiseas seo ma tá gá leis.
Is ionfhabhtú baictéarach í an eitinn a mbíonn tionchar go príomha aige ar na scamhóga, ach is féidir leis éifeacht a bheith aige ar na duáin, an droim agus an inchinn freisin. Is galar inleigheasta agus inchoiscthe é ach is féidir é a chóireáil le antaibheathaigh.
Tá dushlán mór ag baint le frithsheasmhacht an eitinn in aghaidh antaibheathaigh áfach. Is ghalar tromchúiseach í an eitinn freisin; fuair 1.5 milliún duine ar fud an domhain bás de bharr ionfhabhtú eitinne sa bhliain 2020.
Uaireanta is féidir leat an Eitinn a fháil agus bheith gan siomptóim toisc go bhfuil an ionfhabhtú coinnithe sa chorp, Ionfhabhtú Folaigh TB (LTBI i mBéarla) a thugtar ar seo. D’fheadfadh an t-ionfhabhtú éirí gníomhach arís muna bhfuil an córas imdhíonachta in ann troid ina haghaidh. Ag an bpointe seo, d'fhéadfá éirí go dona tinn.
Is féidir le LTBI fanacht díomhaoin ar feadh na mblianta nó fiú go deo, ach is féidir cóireáil antaibheathaigh saor in aisce a fháil i gClinic MyContact an Mheán-Iarthair. Mura fhaightear cóir leighis d’fheadfadh LTBI neamhchóireáilte filleadh nuair nach féidir le córas imdhíonachta an galar a throid a thuilleadh, rud a d’fhéadfadh tarlú i ndaoine scothaosta nó iad siúd atá leochaileach nó le córais imdhíonachta laga. Mura ndéantar cóireáil air, d’fheadfadh sé bheith marfach.
Beidh an clinic seo ina bhuntáiste éifeachtach don duine aonair agus don phobal araon. Tá an próiseas um rianú teagmhála ríthábhachtach chun an eitinn a chosc i measc daoine aonair a bhaineann leas as an tseirbhís seo. Is gné lárnach í an tseirbhís seo chomh maith i dtaca eitinne a chosc sa phobal.
De réir sonraí sealadacha, bhí 204 cásanna d’eitinn i réigiún an Mheán-Iarthair idir 2012 agus 2022. Bhí 21 cásanna I 2022. Bhí níos lú ná cúig chásanna ann go dtí seo i mbliana.
Dá dtarlódh ráig eitinne sa phobal bheadh FSS sa Mheán-Iarthar in ann déileáil leis agus tá foireann ildisciplíneach tiomanta do thástáil, cóireáil agus feasacht um eitinn acu. Le leathnú na bhfoirne Sláinte Poiblí le déanaí, mar chuid d'athchóiriú náisiúnta réigiúnach agus fís Sláintecare, beidh Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair in ann dul i ngleic leis an stiogma a bhaineann le heitinn in Éirinn. Tá coiste réigiúnach eitinne i bhfeidhm anois a chabhraíonn le seirbhísí éagsúla san FSS oibriú le chéile.
Dúirt Dr Marie Casey, Comhairleach i Míochaine Sláinte Poiblí an Mheán-Iarthair: "Is forbairt iontach don réigiún é seoladh ár gclinic um rianú teagmhála agus cóireála LTBI in Ospidéal Naomh Eoin. Le céad bliain anuas tá feabhas mór tagtha ar chóireáil agus ar chosc na heitinne in Éirinn.
"Leanfaimid ag obair go gníomhach i Sláinte Poiblí chun an galar seo a chosc agus chun a chinntiú nach gcailltear na gnóthachain atá déanta againn thar na blianta. Measann an WHO go bhfuil beagnach aon cheathrú de dhaonra an domhain ionfhabhtaithe le Mycobacterium Eitinn, rud a chiallaíonn go gcaithfidh an iarracht seo leanúint ar aghaidh sa todhchaí."
Dúirt Michelle Rogers, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Oibríochtaí in Ospidéal Naomh Eoin: "Cuireann sé áthas orainn Clinic an Mheán-Iarthair a sheoladh, áit a mbeidh ina spás sábháilte dóibh siúd a úsáideann an tseirbhís seo i gcroílár Chathair Luimnigh.
"Is pribhléid é oibriú le Sláinte Poiblí agus le comhghleacaithe ar fud na seirbhíse sláinte chun feasacht an phobail ar an ngalar seo a fheabhsú, agus conas freastal ar mhuintir Luimnigh agus an Meán-Iarthar."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.