Rinne an Tánaiste agus Aire Cosanta, Micheál Martin TD, athbhreithniú ar an 67ú Grúpa Coisithe, a imlonnófar sna hArda Golan go luath mar chuid d’Fhórsa Breathnóireachta Neamhspleách na Náisiún Aontaithe (UNDOF) inniu.
In éineacht leis an Tánaiste, bhí Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Sean Clancy, agus Ard-Rúnaí Cúnta na Roinne Cosanta, Bernie Maguire.
Agus é ag labhairt leis an meitheal 130 duine i gCampa Finner, Béal Átha Seanaidh dúirt an Tánaiste: “Tá an traidisiún atá á leanúint agaibh mar choimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe faoi thiomáint ag na luachanna agus prionsabail cheannann chéanna a bhí mar bhonn agus treoir le gníomhaíochtaí ár stáit ar an ardán idirnáisiúnta i gcónaí, ó theacht an neamhspleáchais - tiomantas don iltaobhachas agus do luachanna na síochána, na slándála idirnáisiúnta agus an cheartais dhomhanda.”
Agus é ag tabhairt chun cuimhne dó bás an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney as an mBaile Nua a maraíodh sa Liobáin i mí na Nollag anuraidh, dúirt an Tánaiste: “Níl Oibríochtaí Síochánaíochta na NA gan chontúirt. Le bás Sheáin, cuireadh abhaile orainn, ar bhealach creathnach, an baol a ghlacann gach duine díobh agus sibh ag comhlíonadh bhur ndualgais agus ag coimeád an taifead bródúil agus clúiteach atá ag ár dtír i seirbhís na síochána.”
Chuir an Tánaiste fáilte mhór roimh theaghlaigh na mball den 67ú Grúpa Coisithe, ag aithint “go bhfuil costas pearsanta ag baint le rannpháirtíocht i misin tacaíochta síochána do dhaoine aonair nach mór dóibh a bheith i bhfad i gcéin óna muintir agus a gcairde ar feadh tréimhsí fada ama i dtimpeallachtaí neamhaithnidiúla agus acrannacha.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.