Search

06 Sep 2025

Dhá scéim nua tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta fógartha ag Údarás na Gaeltachta

"Is deis luachmhar í an fhiontraíocht shóisialta, sa mhéid agus go dtugann sí an chumhacht do na pobail iad féin a neartú" - Rónán Mac Con Iomaire

Dhá scéim nua tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta fógartha ag Údarás na Gaeltachta

Seoladh dhá scéim nua tacaíochta don fhiontraíocht shóisialta In Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin, Conamara le gairid.

Ta na scéimeanna á dtairiscint ag Údarás na Gaeltachta.

Scéimeanna thacaíochta d’fhorbairt tograí atá ag baint le fiontraíocht shóisialta agus an scéim thacaíochta d’fhorbairt smaoineamh gnó atá iontu.

Tá obair mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le na heagrais forbartha pobail Gaeltachta sa réimse seo, agus é mar aidhm ag an údarás go mbeadh an Ghaeltacht ina eiseamláir i dtaobh na fiontraíochta shóisialta.

Faoin Scéim Thacaíochta d’fhorbairt tograí ag baint le fiontraíocht shóisialta, tugtar tacaíocht do thograí incháilithe san earnáil seo agus tá buiséad de os cionn €210,000 ar fáil.

Tá maoiniú ar fáil freisin faoin Scéim Thacaíochta d’fhorbairt smaoineamh gnó ceangailte le fiontraíocht shóisialta, agus suas le €5,000 atá ar fail do thograí incháilithe, i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail.

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí Pobail agus Pleanála Teanga, Rónán Mac Con Iomaire: “Is deis luachmhar í an fhiontraíocht shóisialta, sa mhéid agus go dtugann sí an chumhacht do na pobail iad féin a neartú. Cuireann na tograí seirbhísí breise ar fáil, cruthaíonn siad brabach agus fostaíocht, agus láidríonn siad na heagrais forbartha pobail féin.

"Taispeánann an áis bhreá atá anseo sa Ionad Feamainne i Leitir Mealláin, gur féidir le eagraíochtaí pobail tograí d’ardchaighdeán a thabhairt chun críche ag úsáid an mhúnla seo. Déanfaidh na scéimeanna tacaíochta seo níos éasca é do eagraíochtaí atá ag iarraidh dul ag plé leis an réimse seo don chéad uair agus tabharfaidh siad deis d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse cheana féin tuilleadh tograí a fhorbairt; tá súil againn go dtabharfaidh siad spreagadh d’eagraíochtaí pobail tabhairt faoi thograí fiúntacha i ngach ceantar Gaeltachta.”

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.