Search

06 Sep 2025

Maoiniú €500,000 thar trí bliaina do Phobal an Chraoslaigh

Maoiniú chun baill foirne, trealamh oiliúna agus tionscadail ar scála beag a sholáthar

Maoiniú €500,000 thar trí bliaina do Phobal an Craoslaigh

D'fhógair an tAire Forbartha Pobail agus Carthanais, Joe O'Brien maoiniú €500,000 don Creeslough Together Initiative (CTI) níos luaithe inniu. Tuigtear go gcabhróidh an CTI le tacú le téarnamh phobal an Chraoslaigh sna blianta amach romhainn, agus fás leanúnach a dhéanamh orthu.

Cuirfear an Tionscnamh ar fáil thar thréimhse trí bliana agus oibreoidh sé le hionchur comhairleach leanúnach ó phobal an Chraoslaigh, i gcoitinne. Beidh an tionscadal bunaithe ar phríomhshráid an Craoslaigh agus beidh daoine fostaithe aige lena n-áirítear oibrí naisc obail lánaimseartha, riarthóir páirtaimseartha agus oibrí óige páirtaimseartha.

Beidh obair an CTI fréamhaithe i bprionsabail na hoibre pobail forbartha agus trámathreoraithe araon. 

Dúirt an tAire O'Brien: "Tá áthas orm an maoiniú seo a fhógairt don Creeslough Together Initiative, rud a chabhróidh le tacú leis an bpobal agus é ag teacht chuige féin sna blianta amach romhainn. Lá dorcha a bhí sa 7ú lá de Dheireadh Fómhair do mhuintir an Craoslaigh, agus is fada an bóthar chun téarnaimh.

"Ó tharla an tragóid uafásach, thug mé cuairt ar an Craoslaigh agus d'oibrigh mé le príomhbhaill de phobal an Craoslaigh le feiceáil cad iad na tacaíochtaí a d'fhéadfadh mo roinn a thairiscint díbh chun cuidiú leis an bpobal. Tá muinín agam go mbeidh an tionscnamh seo ina chéim thábhachtach i dtreo amanna níos gile."

Is Creeslough Community Association a bheidh i mbun an tionscnaimh go háitiúil, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomhlacht Forbartha Áitiúil. Sna trí bliana amach romhainn, oibreoidh an CTI go dlúth le pobal an Chraoslaigh i gcoitinne.

Lean an tAire ar aghaidh: "Ba mhaith liom aitheantas agus moladh a thabhairt don obair a rinne na daoine agus na grúpaí áitiúla éagsúla ar fad, a bhí seasmhach agus iad ag tacú leis an bpobal.

"Is é an uaillmhian atá agam ag deireadh an tionscadail seo ná pobal a fheiceáil a bheidh tar éis céimeanna a ghlacadh ar an turas chun téarnamh le chéile. Beidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis, tacaíochtaí agus seirbhísí laistigh dá n-acmhainní pobail iontaofa féin agus trí Creeslough Plan 2024-2027+, ina mbeidh tacaíochtaí feabhsaithe bonneagair pobail ar fáil do chách laistigh den phobal."

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.