Seán T Ó Meallaigh
Is dráma atá ann Minimal Human Contact a thugann lár-stáitse don cíocras a mbáineann le cearrbhachais agus a thugann ar thuras suimiúil thú lastigh d’intinn fear óg do bhunadh Bhéal Feirste.
Tagann an dráma Minimal Human Contact ó pheann an scríbhneoir cumusach Naoise Ó Cairealláin agus tugann sé léargas daonna duinn ar an gcoimhlint fhíochmhar a mbíonn lárnach in intinn andúiligh agus iad ag súil leis an chéad hit eile - is cuma cén cineál hit é.
Cuireadh an dráma chun stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair oíche Mhairt agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór, mhór ar an lucht féachana.
Tá dhá ainmniúcháin sna Irish Times Theatre Awards faighte ag an dráma. Tá ainmniúchán ag Seán T Ó Meallaigh, le haighaidh an taisteoir is fearr agus tá ainmniúchán don dearadh fiseán is fearr faighte ag Mags Mulvey.
Ní iontas ar bith é go bhfuair Seán T Ó Meallaigh ainmiúcháin don taisteoir is fearr - fear as Port Nua ó dhúchais ach atá conaí air i gConamara, i gContae na Gaillimhe. Scoth an aisteoir gan aon amhrais - fear a thógann d’aird gan stop ar feadh dhá scór bomaite agus canúint throm Bhéal Feirste ar a theanga agus ar a iompar aige.
Cuireann dearadh Mags Mulvey go mór leis an dráma agus léiríonn sé samhlaíocht agus cumais. Is iontach amach agus amach an obair atá déanta ag Mulvey leis an dráma seo agus is cinnte go mbeidh an-ráchairt ar a cuid saothar i ndiaidh camchúirt an dráma seo.
Táthar ag rá gur 'glór úr as Gaeltacht uirbeach iarthar Bhéal Feirste' Ó Cairealláin agus é i mbun scríbhneoireachta don stáitse agus ag féachaint ar a shaothar níl aon dabht ach go bhfuil níos mó le theacht uadh an fear óg seo atá thar a bheith ábalta. Téann sé go croí na ceiste gan faitios, gan eagla, agus déanann sé an fhirinneach a thochailt as áiteanna nach mbeifeá ag súíl leis. Tá feith an ghreann go tiubh ann chomh maith agus tugann seo gné eile don daríreacht.
Ag labhairt do ag an Dublin Fringe Festival dúirt Naoise gur tógadh é i gceantar é a bhí breac le siopaí geallghlacdoraí agus nach raibh iontas ar bith gur thit seisan agus a chuid cairde isteach iontu: "Bhí mise agus mo chuid cairde iontach tógtha leis an cearrbhachais agus muid ag fás aníos. Tá cuid mhór bookies in iarthar Bhéal Feirste agus ní nach ionadh gur thit muid isteach ann. Ar ndóighe fuair mé neart ionspioráide uadh sin," ar sé.
Agus é i mbun ceirde, d'fhoghlainn sé go raibh sé feiliúnach greann agus dáirireacht a chur taobh le chéile san scríbhneoireacht. Dar leis gur fadhb mór é an carrbhachas ach nach bhfuil an dráma ina iomláin faoin fhadhb seo. Deir Ó Cairealláin go bhfuil an dráma faoi aistear an fear óg seo agus faoin dóigh a dtéann fadhbanna i bhfóstach i gcinn dhaoine atá ag streacháilt leis an saol.
"Tá scéal eile thíos faoin chearrbhachais agus beidh ort dhul chuig an dráma le sin a fheiceáil," ar sé.
Is fearr aithne ar Ó Cairealláin mar rapálaí leis an mhór-ghrúpa Kneecap.
Tá aistriúchán comhuaineach ar fáil, a mhairfeas dhá scór bomaite.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.