Search

19 Jan 2026

Scannán, cultúr agus turasóireacht na hÉireann a chur chun cinn sna SA

Tá sé mar aidhm ag an tAire tógáil ar an rath atá tagtha ar thionscal scáileáin na hÉireann le gairid agus í sna SA

Scannán, cultúr agus turasóireacht na hÉireann a chur chun cinn sna SA

Beidh an ócáid ​​ar siúl i San Diego agus Los Angeles. Pictiúr: Pixabay

Beidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. – in éineacht le Fís Éireann/Scáileán Éireann, Turasóireacht Éireann, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha – i gceannas ar mhisean trádála in Los Angeles chun tionscal scáileáin na hÉireann agus cumhacht cultúrtha na hÉireann a chur chun cinn.

Tá sé mar aidhm ag an misean trádála – cuid lárnach de chlár Lá Fhéile Pádraig an Rialtais – tógáil ar an rath atá tagtha ar thionscal scáileáin na hÉireann le gairid agus ar an aitheantas atá bainte amach ag tallann Éireannach ar stáitse an domhain.

Tá sé mar aidhm ag an tAire Martin caidrimh a neartú idir earnáil scáileáin na hÉireann agus cuid do na stiúideonna scannáin agus comhlachtaí léiriúcháin is mó ar an domhain. Táthar ag súil le cáil na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta domhanda a neartú.

Beidh roinnt cruinnithe ar siúl an tseachtain seo le feidhmeannaigh shinsearacha ó stiúideonna agus comhlachtaí léiriúcháin atá lonnaithe in LA, lena n-áirítear Marvel Studios agus Sony Pictures. 

I mbliana bhain and scannán Gaeilge An Cailín Ciúin amach aird ó thart timpeall an domhan.

Ag labhairt faoin misean trádála, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D: "Tá súile Hollywood agus an domhain ar Éirinn an deireadh seachtaine seo do na Gradaim Oscar agus tugann sé seo deis thábhachtach duinn  cultúr agus tallann na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana an domhain.

"Chomh maith le turasóirí a mhealladh go dtí an tír cruthóidh sé fostaíocht sheasmhach, ní amháin san ionad féin ach sna hearnálacha gaolmhara eile."

Dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach, Scáileán Éireann: "Tá sé mar aidhm ag an misean trádála seo caidrimh lenár gcomhpháirtithe sna SA a neartú agus tógáil i dtreo fás an tionscail amach anseo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.