President Michael D Higgins
Guíonn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gath rath ar lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge atá ag cur tús leis an ócáid bhliantúil amach anseo. Bunaíodh Seachtain na Gaeilge i 1902 agus tá an féile ag dul ó neart go neart agus ag leathnú thar na blianta.
Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn:“Is mian liom an deis a thapú chun gach rath a ghuí ar lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge agus tús á chur againn leis an gceiliúradh bliantúil agus tábhachtach seo ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Cuireann Seachtain na Gaeilge an deis ar fáil dúinn teacht le chéile agus áilleacht agus saibhreas ár dteanga a cheiliúradh, agus an deis do chainteoirí dúchais, d'fhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil cúpla focal acu, dul i dteagmháil agus ceangal a dhéanamh le níos mó na milliún duine a ghlacann páirt gach bliain sna himeachtaí pobaleagraithe tiomnaithe ar fud na hÉireann agus trasna an domhain."
Dúirt sé gur cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus léiriú ar an teacht aniar inár muintir atá inár dteanga ársa.
"Maidir leis an nGaeilge atá mar oidhreacht dúinn uilig, is teanga álainn í atá doimhneacht agus fadsaolach. Ní hamháin gur taisce chultúrtha atá inti ach acmhainn luachmhar don todhchaí. Is gné an-tábhachtach atá inti chun shamhlaíocht agus chruthaíocht ár sinsir a nochtadh, agus í ina foinse inspioráide do na glúnta filí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí, agus deis ríthábhachtach chun ár dtraidisiúin agus ár stair a chaomhnú do na glúnta atá le teacht," ar sé.
Is léir, dar leis, go bhfuil pobal bríomhar ina mílte duine againn atá ag fás go leanúnach agus a labhraíonn an teanga gach lá:"Ach is ábhar sásaimh dom a aithint go bhfuil os cionn milliún duine ar fud an domhain atá ag foghlaim na Gaeilge go gníomhach ar líne, lena n-áirítear go leor nach náisiúnaigh de chuid na hÉireann iad, chomh maith le saoránaigh Éireannacha nua, a ghlacann chucu féin an deis chun theanga dhúchais na háite a dtugann siad an baile uirthi anois a nochtadh."
Lean sé ar aghaidh: "Agus ár dteanga iontach á ceiliúradh againn le linn Sheachtain na Gaeilge, cuirimis a dhá oiread fuinnimh inár n-iarrachtaí í a chosaint agus a chur chun cinn, agus tacaímis le hiarrachtaí na ndaoine sin atá ag obair chun cuidiú léi forbairt agus a bheith ábhartha fós inár saol nua-aoiseach. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh ár dteanga Ghaeilge, ár litríocht, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht ina thaisce as a bhfaighimid bród agus aoibhneas.
"Is féidir linn uile páirt a ghlacadh lena chéile chun a chinntiú go leanfar leis an nGaeilge a cheiliúradh mar chuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta i measc na nÉireannach go léir sna glúnta amach romhainn, teanga a bheidh ionchuimsitheach go fírinneach, a mbeidh sé de cheart ag daoine de gach aois teacht uirthi faoi gach cúinse, rud a spreagfaidh a húsáid go forleathan i ngnáthshaol na ndaoine ar fud an oileáin seo."
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.