Search

06 Sep 2025

Tacaigh lenár gcara Rónán Mac Aodh Bhuí ina throid in aghaidh Ailse

Dorn san aer don laoch Rónán Mac Aodh Bhuí

Tacaigh lenár gcara Rónán Mac Aodh Bhuí ina throid in aghaidh Ailse

Rónán Mac Aodh Bhuí

Táthar a lorg tacaíocht do an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí atá ag troid leis an Ailse le ceithre bliana anuas. In ainneoin cúpla obráid mhór, agus cuid mhór babhtaí chemo, tá ailse staid 4, air, agus níl leigheas nó obráid ar bith ar fáil do Rónán sa tír seo anois.

Is mór an aithne atá ar Rónán ó cheann ceann na tíre de bharr an dea-obair atá déanta aige i dtaca leis an ceol, an teanga agus an chultúr. Is laoch i measc na nGael é. Is craoltóir le Raidió na Gaeltachta é agus feictear go minic é ag craoladh ag ócáidí ar nós Oireachtas na Gaeilge. 

Ba mhaith le Rónán leigheas a aimsiú, nó níos mó ama a fháil le bheith lena theaghlach agus cairde.Tá sé i gclinic sa Spáinn faoi láthair, ag fáil cóir leighis, agus beidh sé ag dul chuig otharlanna agus clinicí fóirsteanach eile, i dtíortha eile, sna míonna amach romhainn, chomh maith le teiripí éagsúla atá ar fáil sa tír seo.

Má fhaigheann sé go leor cóir leighis a laghdódh na cnapáin ailse ina chorp, tá seans ann go mbeadh Rónán ábalta obráid a fháil chun cuid de na cnapáin a bhaint amach. Tá costas ollmhór leis an chóir leighis, agus teiripí seo, agus ba mhaith linne, a chairde agus a theaghlach, cuidiú leis na costais seo a ghlanadh. Leis an taighde atá déanta, amharcann sé cosúil leis go mbeidh costas de €150,000/€180,000 euro ar an chóir leighis sna clinicí seo, ach is é an sprioc atá againn ná ar a laghad €120,000 euro, a bhailiú.

Más mian leat tacú le ciste tacaíochta Rónáin, is féidir síntiús a thabhairt anseo.

Má tá duine ar bith ag iarraidh imeacht nó ócáid a eagrú, nó má tá ceoltóirí a bheadh sásta a bheith páirteach in ócáid, déan teagmháil leis an fheachtas tacaíochta ag an leathanach gofundme. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.