Search

06 Sep 2025

Bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha

"Is céim mhór chun tosaigh atá ann le ceapadh an chéad chuid de bhord an Údaráis" - an tAire Stáit Patrick O’Donovan

Bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha

Údarás na Gaeltachta

Tá an chéad chuid de bhord Údarás na Gaeltachta ceaptha rud a chiallaíonn go bhfuil quorum ann agus an bord in ann feidhmiú dá réir. 

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha. De thoradh seo tá seachtar comhalta den dó dhéag comhalta a bheidh ar an mbord ceaptha.

Ceapfar an chuid eile den bhord nuair atá an comórtas poiblí  - atá á riar PAS, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, curtha i gcrích. Faoin chomórtas sin a bheas ar siúl go dtí Márta 2, tá an deis ag an bpobal a bheith san áireamh chun críche ceapacháin ar an bhord agus na socruithe lena mbaineann curtha i gcrích.

Anthony Molloy, ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall, Pádraic Ó Conaire, ainmniúchán Chomhairle Contae, Mhaigh Eo, Pádraig Mac an Iomaire, ainmniúchán Chomhairle Contae na Gaillimhe, Breandán Mac Gearailt,  ainmniúchán Chomhairle Contae Chiarraí agus Joe Conway, ainmniúchán Chomhairle Contae Phort Láirge atá ceaptha faoi réir an Achta.  

Tá Mary Uí Chadhain agus Debra Ní Shúilleabháin athcheaptha ar an mbord agus is í Mary Uí Chadhain a bheidh ag feidhmiú mar chathaoirleach sealadach air go dtí go mbeidh torthaí an chomórtais phoiblí faoi lámh.

Dúirt an tAire Martin:“Tuigim go bhfuil tábhacht faoi leith leis an obair a dhéanann bord agus feidhmeannas Údarás na Gaeltachta. De thoradh an cur chuige seo maidir le bord eatramhach a cheapadh ní bheidh aon srian ar an eagraíocht leanúint orthu le cur i bhfeidhm  a chláir oibre. Agus an comórtas poiblí oscailte anois, ba mhaith liom an deis a thapú chun mná a spreagadh le hainmniúcháin a lorg le bheith ceaptha ar bhoird stáit go ginearálta, ach ar bhord Údarás na Gaeltachta ach go háirithe.”

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:“Is céim mhór chun tosaigh atá ann le ceapadh an chéad chuid de bhord an Údaráis.  Bhuail mé le gairid le feidhmeannaigh an Údaráis agus fuair mé léargas maith ar obair na heagraíochta. Tuigim an tábhacht a bhaineann le bord ionas go mbeidh aon eagraíocht ar nós Údarás na Gaeltachta ábalta feidhmiú ar bhonn leanúnach. Tá áthas orm mar sin go bhfuil an chéad chuid den bhord ceaptha agus nach fada eile go mbeifear in ann bailchríoch a chur ar na socruithe chomh luath is féidir tar éis an chomórtais phoiblí faoi scáth PAS críochnaithe ag tús na míosa seo chugainn.”

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.