Rinne TG4 cinneadh an clár Iniúchadh TG4 – An Craoslach a chraoladh anocht d'ainneoin go raibh cuid do mhuintir na daoine a bhásaigh ag iarraidh nach gcraolfaí an clár fad agus atá fiosrúcháin na ngardaí fós ar bun.
Rinneadh clár faisnéise a chuir le chéile i ndiaidh pléascadh, inar maraíodh deichniúr, ar an Chraoslaigh anuraidh.
D’ardaigh an Teachta Pearse Doherty an ábhar sa Dáil inniu, Dé Ceadaoine, ag rá go raibh muintir an chraoslaigh ag impí ar TG4 gan an chlár a chraoladh anocht. Dúirt sé nach raibh ceist ar bith ann maidir le phroifisiúntacht agus gairmiúlacht TG4 á dhéanann cláranna d'ardchaighdeán ach go bhfuil teaghlaigh ag impí orthu nach gcraolfaí an clár fad agus atá fiosrúcháin ar bun.
Calls for @TG4TV to postpone Creeslough documentary due to air tonight @PearseDoherty #Dail pic.twitter.com/bHMizIyLM1
— Mick Caul (@caulmick) February 8, 2023
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nár mhaith leis insé do chraoltóir a' bith cáide le déanamh ach dúirt sé gur bhfiú do mhuintir TG4 suí le baill teaghlaigh muintir an Chraoslaigh agus labhairt leo faoin chlár.
Tráthnóna inniu, d'éisigh lucht TG4 raiteas ag cosaint a gcinneadh an chlár a chraoladh: "Tar éis dúinn machnamh domhain a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha íogaire a ardaíodh linn, tá an cinneadh glactha againn go gcraolfar an clár faisnéise Iniúchadh TG4 - An Craoslach ar TG4 anocht.
"Baineann an clár faisnéise seo leis na gnáthdhaoine a tháinig i gcabhair ag láthair na tubaiste sular tháinig na seirbhísí éigeandála. Is éard atá ann ná agallaimh le cuid de na daoine sin a chuir a mbeatha féin i gcontúirt chun daoine eile a thabhairt slán. Ní dhéantar rud ar bith a thuairisciú faoi na daoine a gortaíodh nó a maraíodh sa timpiste seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí cheana féin díreach i ndiaidh na tubaiste."
Níos luaithe an tseachtain seo, dúirt Killian Flanagan, deartháir Áine Flanagan, iar-pháirtí Robert Garwe, ar an gclár Liveline ar RTÉ, go raibh iarrtha aige ar TG4 agus ar na gardaí nach gcraolfaí an clár fad agus a bhí fiosrúcháin ar bun.
Dúirt sé go mbeadh an iomarca ‘tráma’ ag baint le craoladh an chláir trí mhí i ndiaidh na heachtra. Mhaígh sé chomh maith go raibh roinnt daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh nach gcraolfaí ach an oiread é.
The family of two people who died in last year's Creeslough explosion in Co Donegal has requested that a documentary on the incident not be broadcast tomorrow nighthttps://t.co/qSp9PCLxd0
— RTÉ News (@rtenews) February 7, 2023
Maraíodh deichniúr sa tubaiste: Catherine O'Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13); Robert Garwe, (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5); Leona Harper (14); Jessica Gallagher (24); James O'Flaherty (48); Martin McGill (49); Martina Martin (49) agus Hugh Kelly a bhí 59.
Is é an comhlacht léiriúcháin Clean Slate Television atá lonnaithe i mBéal Feirste a léirigh an tsraith Iniúchadh TG4.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.