Dúirt dochtúir teaghlaigh agus comhairleoir andúile go bhfuil easpa mhór seirbhísí ann do dhaoine atá tugtha do dhrugaí i nGaillimh agus go raibh fadhb an chócaoin ag dul in olcas go mór bliain i ndiaidh bliana, sa chlár faisnéise Snaoisín Bán a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin.
Shéan an HSE go raibh gá le breis acmhainní.
Sa chlár, dúirt beirt atá ag obair sa chóras sláinte, an comhairleoir andúile Joe Treacy, agus an dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh, go raibh géarghá le seirbhís chónaitheach i gceantar na Gaillimhe, agus nach raibh na seirbhísí atá ar fáil ann faoi láthair sásúil ó dódh an t-aonad a bhíodh i Merlin Park go talamh sa bhliain 2013.
Deir an comhairleoir andúile Joe Treacy, atá ag obair i nGaillimh ó 1989, go bhfuil fadhb an chócaoin méadaithe go mór go háirithe le dhá bhliain anuas.
“Tá sé i ngach bóithrín, gach baile, gach áit, níl aon áit nach bhfuil sé ann … Níl aois chor ar bith - 17 go 70. Tá sé go dona … feiceann muid é sna hospidéil, feiceann muid sa chúirt, feiceann muid i stáisiúin na ngardaí… Abraíonn siad liom mar gheall ar an cócaon tá sé pretty harmless ... Sin an smaoineamh atá ag daoine ... Níl sé pretty harmless, tá sé an-dainséarach.”
Tá an taithí céanna ag an Dochtúir Micheál Ó Cathasaigh:
“Cinnte go bhfuil (fadhb ann) tá sé ann le cúpla bliain anuas agus tá sé le feiceáil anois. Amuigh faoin tuath tá go leor daoine le symptoms agus tá siad ag teacht isteach go dtí na surgeries amuigh faoin tuath anois le fadhbanna ag baint le cócaon. I gConamara – chonaic mé cásanna, go mór mhór le bliain anuas… níl fhios acu an damáiste atá á dhéanamh leis an druga sin.”
“Tá daoine ag úsáid an druga seo gach lá … Tá sé across the board idir proifisiún agus daoine a ba cheart go mbeadh níos mó eolais acu tá siad á úsáid freisin.”
Deir an comhairleoir Treacy go mbíodh 900 duine sa bhliain ag freastal ar an aonad i bPáirc Mheirlinne agus nach bhfuil aon tseirbhís ann dóibh anois. Deir sé go mbíonn ar dhaoine an contae a fhágáil chun cúnamh a fháil, agus nach bhfuil na seirbhísí atá ar fáil ag teacht leis an líon daoine atá ag brath orthu sa cheantar.
“Caithfidh mé a rá go raibh seirbhís iontach i Merlin Park nuair a bhí sé ann. Chonaic muid 900 duine sa bhliain ansin … ach níl aon seirbhís atá inchurtha leis sa Ghaillimh anois. Tá na daoine sin fós amuigh ansin … Níl aon in-patient treatment i gcathair mhór cosúil le Gaillimh.”
“Tá daoine mar sin ag fágáil an chontae agus ag dul isteach go dtí aon áit atá ar fáil… Cathair mhór mar Ghailimh le líon mór daoine ann, agus níl na seirbhísí ag teacht leis an daonra.”
Deir an Dochtúir Teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh sa chlár: “Ba cheart go mbeadh áit speisialta, go mór, mhór i gcathair na Gaillimhe, nó timpeall chathair na Gaillimhe, le haghaidh othair a bhfuil an fhadhb seo acu … go mbeadh siad in ann siúl isteach ann agus oideachas níos mó a fháil nó cúrsa sábháilte nuair atá sé ag teastáil.”
Ina ainneoin sin, i ráiteas don chlár, dúirt an HSE nach eol dóibh go bhfuil gá le breis seirbhísí.
“Ní léir dúinn go bhfuil aon ardú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag fáil cóir leighis mar gheall iad a bheith tugtha don druga cócaon. Mar gheall air sin, ní theastaíonn aon aonad cónaithe breise ar chur ar fáil.”
Cé go bhfuil ionad lae ar Bhóthar na gCeannaithe sa chathair, dúirt an comhairleoir Joe Treacy nach bhfuil sé in áit feiliúnach mar nach féidir páirceáil ann, agus go bhfuil sé ró-phoiblí. Dúirt sé gur cuireadh comhairle ar an HSE maidir leis an tseirbhís seo, ach nár éistíodh leis na moltaí.
Tháinig méadú os cionn 50% ar an líon daoine ar rug na Gardaí orthu agus drugaí ina seilbh acu i gConamara idir 2021 agus 2022, agus sa chlár deir na gardaí nach bhfuil ach acmhainní teoranta acu faoi láthair le dhul i ngleic leis an fhadhb seo, agus go bhfuil rún acu breis acmhainní a chur ar fáil i Roinn na Gaillimhe in iarracht an ceann is fearr a fháil ar an fhadhb seo.
Míníonn an Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnchadha nach léiríonn na figiúirí ach an líon acmhainní atá ag na gardaí le cur i dtreo na faidhbe, agus nach bhfuil ansin ach 10% den méid drugaí atá ar fáil.
“Mar shampla, má thagann sé chun cinn i 2023 nach mbeidh aon chás tagtha chun cinn i gConamara nach bhfuil aon duine gafa ag na gardaí agus drugaí ina seilbh acu, ní shin le rá nach bhfuil an fhadhb ann, sin le rá b’fhéidir nach bhfuil na hacmhainní ag na gardaí le dhul i ngleic leis ... Má tá ardú ar na figiúirí, go minic tá ardú orthu mar gheall go bhfuil níos mó obair á chur isteach ann ag na Gardaí. I gcás Chonamara de, speáineann sé sin dúinn go bhfuil níos mó oibre curtha isteach ag na gardaí i 2022 le dhul i ngleic leis an bhfadhb i gConamara ná mar a bhí i 2021, sin an fáth go bhfuil ardú 50% ó 2021 go 2022.”
“Tá sé fairsing (drugaí) agus ó thaobh an méid daoine a mbeireann na gardaí orthu agus drugaí ina seilbh, bíonn sé sin ag ardú bliain i ndiaidh bliana … ach níl ansin ach céatadán beag den méid drugaí atá amuigh ansin. … Níl muid ag fáil ach thart ar 10% den méid drugaí atá ar fáil, thart ar an méid sin.”
“Tá fadhb mhór amach romhainn ó thaobh cócaon de, ní amháin i gConamara ach ar fud na tíre. Ó thaobh ceantar tuaithe de, fadhb é seo nár cheap muid go bhfeicfeadh muid go brách, ach tá faitíos orm anois go bhfuil sé i ndán dúinn.”
Tá sé fógartha le seachtain ag An Garda Síochána go bhfuil Sáirsint nua le ceapadh in Uachtar Ard, agus go mbeidh fadhb na ndrugaí ar cheann de na príomh-chúraimí a bheas orthu. Dúirt Colm Mac Donnchadha sa chlár go raibh rún ag An Garda Síochána breis acmhainní agus gardaí a chur ar fáil d’Aonad na nDrugaí i Roinn na Gaillimhe a bheas ag díriú ar an gcathair agus ar an gcontae.
Sa chlár, tá cur síos pearsanta ó fhear óg amháin, 32, a bhí tugtha do chócaon faoin dochar ollmhór a rinne sé sin do 'chuile chuid dá shaol, agus mar a mhéadaigh an fhadhb ón gcéad líne cócaoin a thóg sé go dtí go raibh sé ag tógáil luach €500 den druga sa lá. Tá cur síos freisin ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil san ionad cónaitheach Bushypark in Inis i gCo. an Chláir, an togra nua Cocaine Initiative san áireamh, atá maoinithe ag Bushypark agus an HSE.
Is í Treasa Bhreathnach a léirigh an clár, agus is é Cóilín Ó Neachtain a láithrigh.
Craoladh Snaoisín Bán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin 8 Feabhra. Beidh sé ar fáil le n-éisteacht siar leis ag www.rte.ie/rnag
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.