Search

06 Sep 2025

Bí páirteach i gcomórtas an Béal Binn i mbliana

Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt 28ú Feabhra

Bí páirteach i gcomórtas an Béal Binn i mbliana

Beidh an comórtas ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair

Mar chuid de Éigse Uladh 2023, tá an coiste ag réachtáil comórtas aithriseoireachta An Béal Binn do naíonraí, do bhunscoltacha agus do iarbhunscoltacha ar an tSatharn, Márta 4. 

Beidh an comórtas ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Beidh athrú ar an chomórtas i mbliana mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Ní bheidh réamhbhabhtaí ann mar a bhíodh le blianta fada. Beidh an comórtas ann i rith an lae do na ranna éagsúla agus bronnfar na duaiseanna ag deireadh gach rannóg.

Brathann am na gcomórtas ar líon na n-iarratas i ngach rannóg, ach beidh sé ar siúl ón 11 ar maidin do naíonraí go rannóg na hArdteiste ag deireadh an lae. Bronnfar na coirn speisialta ag deireadh an lae.

Tá 7 roinn sa chomórtas. Bronnfar boinn don 1ú, 2ú agus 3ú áit in achan rannóg. Bronnfar duaiseanna speisialta ar na dánta nua-chumtha is fearr a dhéanfar a aithris (Corn Bhríd Ní Bhaicéir) agus ar na hiomaitheoirí is fearr taobh amuigh den Ghaeltacht (Corn Shéamuis Uí Chnáimhsí).

Bronnfar Corn Ghráinne Mhic Géidigh den dara huair i mbliana i gcuimhne ar Ghráinne a fuair bás go hóg ar an 11 Nollaig, 2017. Bronnfar Corn Raidió na Gaeltachta ar an iomaitheoir naíonra/ bunscoile/meánscoile is fearr agus an príomhdhuais, Corn Phat Uí Rabhartaigh, ar an iomaitheoir is fearr ar fad, An Béal Binn 2023. 

Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt, 29/03/22. Cuir iarratais chuig Síle nó Treasa sa Phobalscoil: Síle Mhic Aoidh / Treasa De Búrca Pobalscoil Ghaoth Dobhair Na Doirí Beaga  Fón: 074 9531311 Ríomhphost: oifig@psgd.ie 

Glacfar le hiarrataisí go dtí an Mháirt 28ú Feabhra.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.