Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo
Maraíodh beirt fhear i dtimpiste bóthair a tharla i gCo. Mhaigh Eo aréir. Bhuail carr agus leoraí altach in aghaidh a chéile ar an N60 i nGort an Éadain go gairid roimh an meán oíche.
Fograíodh ar an láthair go raibh an bheirt fhear a bhí sa charr básaithe agus tugadh a gcoirp chuig hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo, i gCaisleán an Bharraigh, an áit a ndéanfar scrúdú iarbháis orthu.
Dúirt gardaí gur tugadh tiománaí an leoraí, fear sna tríochaidí, chun otharlainne chomh maith ach nach bhfuil sé gortaithe go ró dhona.
Tharla an timpiste ar phíosa díreach bealaigh in aice le teach tábhairne an Beaten Path.
Tá an bealach druidte agus na gardaí i mbun scrúdaithe ar an bhóthar agus an trácht á chur ar mhalairt slí.
Is iad na Gardaí i gCaisleán an Bharraigh atá i mbun fiosrúcháin.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.