An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn ag réiteach le Tuarascáil Bhliantúil 2024
Tá fáilte curtha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Coincheanainn, do 2024.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga mar pháirt lárnach d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus, le hos cionn scór bliain, tá freastal déanta ag an Oifig sin ar chosaint chearta teanga an phobail i gcomhréir le spriocanna an Achta.
Tugtar léargas luachmhar gach bliain sna Tuarascálacha seo ar dhul chun cinn comhlachtaí poiblí faoin Acht, mar aon leis na nithe atá ag déanamh imní don phobal ó thaobh a chearta teanga.
LÉIGH AR AGHAIDH: Foláireamh práinneach eisithe do lucht saoire Éireannach de réir mar a mhéadaíonn ráigeanna den bhruitíneach i láithreacha saoire móra
Is iad príomhphointí Thuarascáil 2024:
*Éileamh méadaithe ar chomhairle teanga Ardú ollmhór tagtha ar líon na gcomhlachtaí poiblí a lorg comhairle na hOifige maidir le dualgais teanga in 2024, le comhairle tugtha ar 593 ócáid éagsúla le linn na bliana - méadú 55% ó 2023.
*Infheistíocht shuntasach i bhfógraíocht Ghaeilge de thoradh Alt 10A: €14.2m caite ar fhógraíocht Ghaeilge in 2024, le €3.8m de sin caite ar na meáin Ghaeilge.
*Monatóireacht déanta ar Alt 4B: Ard-chomhlíontacht i measc Ranna Rialtais agus sampla d’Údáráis Áitiúla agus comhlachtaí poiblí le hAlt 4B(a) - ball foirne sinsearach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thuairisciú oibleagáidí, le comhlíontacht níos ísle le hAlt 4B(b) - tuairisciú a dhéanamh ina dTuarascáil Bhliantúil faoin Acht (22% neamhchomhlíontach).
Príomhphointí Thuarascáil Bhliantúil 2024 - iomlán na Tuarascála anseo pic.twitter.com/sZPHJ7IL7Y
— Coimisinéir Teanga (@ceartateanga) June 27, 2025
Léargas ar na bearnaí reatha i soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge trí na gearáin atá faighte, eadhon:
*Ganntanas foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge chun seirbhísí faisnéise teileafóin, deisce cabhrach agus comhrá gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge;
*Eeaspa seirbhísí idirghníomhacha ar líne;
*Easpa bonneagair seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht le rochtain ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a éascú;
*Foirmeacha oifigiúla; agus
*Úsáid chruinn ar ainm, sloinne, seoladh, agus teideal i nGaeilge lena n-áirítear an síneadh fada.
Nótálann an Coimisinéir Teanga an tábhacht a bheidh le cur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán teanga agus forálacha eile de chuid an Achta sa mhéid seo mar aon le borradh a chur faoi earcaíocht chun a chinntiú go gcomhlíonfar an sprioc maidir le 20% d’earcaigh san earnáil poiblí a bheith inniúil i nGaeilge faoi 2030.
Ag trácht ar an tuarascáil, dúirt an tAire Calleary: “Le hos cionn fiche bliain, tá monatóireacht, comhairle agus dearcadh Oifig an Choimisinéara Teanga ina pháirt lárnach d’fhorbairt agus neartú na Gaeilge sa saol poiblí. Cuirim fáilte roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara agus an sár-obair atá ar bun go leanúnach ag a Oifig. Léiríonn an Tuarascáil an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo, go mór mór ó thaobh fógraíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin, agus méid na gcomhlachtaí poiblí a théann ag lorg comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga.
“Cé go bhfuil roinnt bearnaí aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga sa Tuarascáil ó thaobh soláthar seirbhísí poiblí Gaeilge go fóill, tugann sé misneach dom go mbeidh go leor den obair atá idir lámha ag mo Roinn faoi láthair faoin Acht ag freagairt go díreach d’fhormhór díobh seo. Mar shampla, bheadh cuid de na tionscnaimh fhéideartha atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, ar nós bunú moil chun croí-sheirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge – go háirithe sa Ghaeltacht, mar aon le bunú seirbhís chomhroinnte aistriúcháin, réabhlóideach ó thaobh deireadh a chur le bacainní ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha.
“Chuige sin, tá tréimhse ghnóthach os ár gcomhair amach idir fhoilsiú an chéad Phlean Gníomhaíochta faoin bPlean Náisiúnta agus phróisis éagsúla chomhairliúcháin faoi na dréacht-chaighdeáin teanga agus na forálacha a bhaineann le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge agus foirmeacha oifigiúla. Déanfar gach comhlacht poiblí a choinneáil ar an eolas faoin méid seo, agus muid i mbun na hoibre tábhachtaí seo.
“Glacaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga agus le baill dhúthrachtach foirne na hOifige as a gcuid oibre ar fad agus an tiomantas leanúnach atá acu do cheart teanga mhuintir na hÉireann.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.