Search

06 Sep 2025

Gabhann mac léinn cruthaitheach as Leitir Ceanainn buíochas le hÓgtheagmháil as conair saor ó bhrú chun na hollscoile a chur ar fáil

Gabhann mac léinn cruthaitheach as Leitir Ceanainn buíochas le hÓgtheagmháil as conair saor ó bhrú chun na hollscoile a chur ar fáil

Tá Callum Barry, 19, i mbun na chéad bhliana de chúrsa céime Beochana in ATU Dhún na nGall

Tá Callum Barry, 19, i mbun na chéad bhliana de chúrsa céime Beochana in ATU Dhún na nGall

D’éirigh le fear óg as Leitir Ceanainn todhchaí gheal a chinntiú dó féin i ndiaidh cúrsa saor ó bhrú, seachas an Ardteistiméireacht, a aimsiú in Ógtheagmháil.

Tá Callum Barry, 19, i mbun na chéad bhliana de chúrsa céime Beochana in ATU Dhún na nGall agus é beartaithe aige dul ag taisteal nuair a bheidh a chéim bainte amach aige.

Ainneoin nár thaitin an córas scolaíochta traidisiúnta leis, d’éirigh le Callum raon cáilíochtaí QQI agus scileanna saoil a bhaint amach trí Ógtheagmháil, clár oideachais, oiliúna agus taithí oibre saor in aisce a chuirtear ar fáil trí Sheirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Tairgeann Ógtheagmháil oideachas praiticiúil do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois, agus tá sé ionad le fáil i nDún na nGall.

Chláraigh Callum sa chlár dhá bhliain nuair a bhí sé 16 bhliain d’aois, de bhrí go raibh sé ag iarraidh éalú ón bhrú a bhain le scrúduithe meánscoile.

Dúirt sé nach raibh sé sásta ar scoile. “Dúradh liom gur clár i bhfad níos réchúisí ba ea Ógtheagmháil agus go raibh na múinteoirí an-deas agus bhí sé sin ar fad fíor.”

Chabhraigh na ranganna beaga agus na stíleanna foghlama éagsúla go mór le Callum, a bhí ag déileáil le roinnt dúshlán pearsanta fosta.

“Bíonn imní orm agus bhíodh mé scanraithe go minic i ranganna sa mheánscoil. San ionad Ógtheagmhála ní raibh an oiread céanna imní orm, mhothaigh mé sásta agus ar mo shuaimhneas.

“Tá sé i bhfad níos fearr ná an scoil de bhrí gur féidir liom dul isteach ann agus nach gá dom 101 rud difriúil a dhéanamh ag an am céanna; is féidir liom a bheith ar mo shuaimhneas. Dá mbeadh fadhb agam, d’fhéadfainn labhairt le duine éigin.”

San ionad Ógtheagmhála leagtar níos mó béime ar thionscadail agus ar phunanna praiticiúla i gcomparáid le scrúduithe traidisiúnta. I measc na n-ábhar a ndírítear orthu tá croíscileanna cosúil le Béarla, Mata agus Ríomhaireacht, mar aon le foghlaim phraiticiúil i réimsí cosúil le healaíona agus ceardaíocht, adhmadóireacht, gruagaireacht agus neart eile.

Tá cuimhní geala ag Callum ar oideachas sláinte agus ar laethanta amuigh ag trampailíneacht, ziplíneáil agus cuairteanna oideachais ar mhúsaeim.

Bhain sé tairbhe as an ghné taithí oibre den chlár chun scrúdú a dhéanamh ar chonairí gairme éagsúla, lena n-áirítear obair don phobal i Seirbhís Óige Dhún na nGall, ealaíona cócaireachta i gcistin áitiúil agus miondíol i siopa greannán.

Thug Ógtheagmháil deis do Callum tabhairt faoi chúrsa Rochtana in ATU Dhún na nGall agus bliain a chaitheamh ag ullmhú do chéim. Tairgtear rang gairmthreorach mar chuid de Ógtheagmháil do mhic léinn chun deis a thabhairt dóibh díriú ar a ndeiseanna fostaíochta agus foghlama anois agus ar fhéidearthachtaí amach anseo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Callum, “Bhí mé ag iarraidh freastal ar ATU ó ghlac mé páirt”.

“Dúirt cara ón ionad Ógtheagmhála liom gur cheart dom díriú ar Bheochan. Thaitin ealaín go mór liom agus sílim murar fhreastail mé ar an ionad Ógtheagmhála nach mbeadh an cúrsa déanta agam.”

Tá Callum anois i mbun staidéir agus é mar aidhm aige céim Onóracha a bhaint amach agus post a fháil sa tionscal cartún san Astráil amach anseo.

Maidir leo siúd atá ag smaoineamh ar Ógtheagmháil mar chonair eile chun na hollscoile, tá an méid seo a leanas le rá ag Callum bunaithe ar a aistear féin: “Má tá tú míshona ar scoil agus má bhíonn tú faoi bhrú mar gheall ar scrúduithe, mholfainn duit smaoineamh ar Ógtheagmháil de bhrí go bhfuil do mheabhairshláinte níos tábhachtaí ná rud ar bith eile.

“Bhíodh imní orm faoi scrúduithe an t-am ar fad agus ní raibh ag éirigh liom staidéar a dhéanamh. Is áit dheas é an t-ionad Ógtheagmhála chun a bheith ar do shuaimhneas agus áit a bhféadfainn ceisteanna a chur agus mar gheall air sin d’éirigh liom pas a fháil i mo scrúduithe.”

Chabhraigh an fhoireann san ionad Ógtheagmhála le Callum ag gach céim fosta, agus tá sé thar a bheith buíoch díobh.
Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Tá an t-ionad Ógtheagmhála cosúil le mo chlann. Nuair a chuaigh mé isteach ann bhí mé imníoch agus cúthaileach ach bhí na múinteoirí ar fad cosúil le hathair agus le máthair”.

“Má théann tú isteach ann, bí ag súil le bheith páirteach i dteaghlach. Mothaíonn tú go bhfuil daoine ag tabhairt aire duit atá ag iarraidh cabhrú leat i ndáiríre.

“Cabhraíonn siad leat nuair a bhíonn tú ag déileáil le tréimhsí dúshlánacha. Táim fíorbhuíoch daoibh as an dóigh ar chabhraigh sibh liom.”

Tá sé ionad Ógtheagmhála ETB Dhún na nGall anois ag clárú. Má tá tusa, nó duine éigin ar d’aithne, ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh sa chlár, féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil ag an nasc seo.

Má tá aon cheist agat, comhlánaigh an fhoirm ghréasáin ar líne agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Is féidir leat glaoch ar na hIonaid Ógtheagmhála ag na huimhreacha seo a leanas fosta:

■ Béal Átha Seanaidh (Pernille) – 071 98 51286 nó iarratas a dhéanamh ar líne anseo
■ Bun Cranncha/Gleann Gad (Jayne) – 074 93 62626 nó iarratas a dhéanamh ar líne anseo
■ Gort an Choirce (Caitriona) – 074 91 35218 nó iarratas a dhéanamh ar líne anseo
■ Leitir Ceanainn (Gillian) – 074 91 22585 nó iarratas a dhéanamh ar líne anseo
■ Leifear (Aidan) – 074 91 22585 nó iarratas a dhéanamh ar líne anseo

Tá Ógtheagmháil á cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.