Search

05 Sep 2025

Léim shaol-athraitheach i dtreo an oideachais riachtanas speisialta

Tá Brigena Kocija, bean de bhunadh na hAlbáine, ina cónaí i Leitir Ceanainn lena clann le cúig bliana anuas

Léim shaol-athraitheach i dtreo an oideachais riachtanas speisialta

Tá Brigena Kocija, bean de bhunadh na hAlbáine, ina cónaí i Leitir Ceanainn lena clann le cúig bliana anuas

Tá sé ráite ag bean a chinn staidéar a dhéanamh ar Oideachas agus Oiliúint Ionchuimsitheach go raibh an bhliain a chaith sí i mbun staidéir saol-athraitheach.

Tá Brigena Kocija, bean de bhunadh na hAlbáine, ina cónaí i Leitir Ceanainn lena clann le cúig bliana anuas.

Ainneoin go bhfuil dioplóma agus cúlra gairmiúil san airgeadas aici, bhí a n-ionchais ghairme teoranta de bhrí nach raibh a cáilíochtaí aitheanta in Éirinn de bhrí gur tír neamh-AE í an Albáin.

Anuraidh, chinn Brigena a hionchais fostaíochta a fheabhsú trí chúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) a dhéanamh le Seirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Bliain thaitneamhach a bhí ann lán le dea-chleachtais foghlama, socrúchán oibre tairbheach ag Teach Cara, agus turas dodhearmadta chomh fada le Malaga trí Erasmus+.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Brigena, “Ag an am, bhain costas mór le céimeanna ollscoile agus thógfadh sé suas le ceithre bliana chun céim a bhaint amach. Thug mé faoi deara go raibh na cuideachtaí agus na creiseanna ar fad ag cuardach oibrithe cúraim leanaí agus dúirt mé liom féin gur cheart dom an deis a thapú.

“Céim mhór a bhí ann ach céim iontach. Ar an chéad lá mhothaigh mé ar mo chompord agus chuir gach duine fáilte romham.”

Tairgtear cúrsaí PLC i réimsí gairme éagsúla. Tá an clár bliana deartha do mhic léinn a bhfuil an Ardteistiméireacht nó an Ardteistiméireacht Fheidhmeach déanta acu, nó d’aosaigh cosúil le Brigena ar mian leo díriú ar ghairm eile nó filleadh ar an oideachas, agus tá meascán d’fhoghlaim sa seomra ranga, obair phraiticiúil agus taithí oibre luachmhar i gceist.

Thosaigh Brigena le cúrsa Leibhéal 5 QQI i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige sular lean sí ar aghaidh leis an chlár Leibhéal 6 in Oideachas agus Oiliúint Ionchuimsitheach. Díríonn an PLC seo ar Chúntóireacht Riachtanas Speisialta (SNA) agus is baill foirne as Coláiste an Earagail atá ina bhun agus tá sé á theagasc in Ionad FET Leitir Ceanainn ar Bhóthar na Páirce Gnó.

Ansin, tairgtear tacaíochtaí d’aon mhac léinn a bhfuil a leithéid ag teastáil uaidh nó uaithi.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Brigena, “Ní raibh deacrachtaí agam leis an teanga, ach tá tacaíocht ar fáil inár seomra ranga cosúil le staidéar iarscoile, cuirtear ríomhairí glúine ar fáil, agus áiseanna ceaintín agus caifé”.

“Thaitin an treoir a thug na múinteoirí go mór liom. Má bhí aon rud nár thuigeamar sheolamar ríomhphost ag ár múinteoirí nuair a d’fhóir sé dúinn; tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn go bhfuilimid ar an bhóthar ceart.”

Thaitin an turas trí seachtaine chomh fada le Malaga mar chuid den chlár Erasmus+ go mór le Brigena. Fuair sí féin agus a comhghleacaithe ranga léargas ar chreiseanna agus ar sholáthraithe cúraim leanaí chun cabhrú leo teacht ar thuiscint níos fearr ar chleachtais chúraim leanaí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Brigena, “Bhí sé iontach an deis a fháil bualadh le daoine agus taithí a roinnt, agus tuigeann tú gur gá duit taisteal chun níos mó a fheiceáil agus chun teacht ar thuiscint ar an méid is mian leat a dhéanamh”.

“Ní hamháin gur fhorbair mé go pearsanta agus go gairmiúil, ach bhí deis agam fanacht i gcóiríocht iontach agus súil a chaitheamh agus tairbhe a bhaint as cathair agus as cultúr álainn Malaga.”

Gné thairbheach eile den chúrsa é an taithí oibre le soláthraí áitiúil. Bhain Brigena an-tairbhe as a socrúchán i dTeach Cara i Leitir Ceanainn.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “Chuir foireann an-chairdiúil fáilte romham. Bhí an t-ádh orm go raibh deis agam oibriú le páistí de gach aois, lena n-áirítear lapadáin agus páistí a bhí ag freastal ar chúram iarscoile. Nuair a bhíonn tú ag obair le páistí is féidir leat a bheith ag súil leis go mbeidh gach lá difriúil”.

Go dtí seo chabhraigh eispéiris uile Brigena léi chun a bheith níos leathanaigeanta faoina roghanna agus spreagadh í chun níos mó staidéir fiú a dhéanamh ar oideachas ionchuimsitheach b’fhéidir.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “Ba mhaith liom tamall a chaitheamh i mbunscoileanna agus i meánscoileanna chun taithí a fháil ar riachtanais oideachais speisialta eile”.

“Tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag foghlaim i gcónaí agus gan éirí as riamh.”

Tá Brigena den tuairim gur céim mhaith é an PLC do dhaoine ar spéis leo breisoideachas agus tá an cúrsa molta aici do go leor cairde cheana féin.

“I mo chás féin bhí an PLC go hiontach, tá ardmheas agam ar an gcúrsa agus ní bheidh dóthain ama agam riamh chun buíochas a ghabháil le mo mhúinteoirí as an méid a rinne siad.”

Tá 11 chúrsa PLC á dtairiscint ag ETB Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair seo chugainn i dtrí shuíomh – Bun Cranncha (Ionad FET), Leitir Ceanainn (Ionad FET) agus Srath an Urláir (Coláiste Finn Valley).

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne trí na naisc thíos nó má mian leat teagmháil a dhéanamh leis na hionaid, gheobhaidh tú na sonraí teagmhála anseo:

Bun Cranncha
1. Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
2. Ríomhghnó: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
3. Cúram Ainmhithe: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
4. Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
5. Staidéar Gnó: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
6. Teicneolaíocht Foirgníochta: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
7. Scileanna Seirbhíse Sláinte: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
8. Oideachas agus Oiliúint Ionchuimsitheach: cliceáil anseo le haghaidh sonraí

Srath an Urláir
1. Riarachán Gnó: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
2. Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige: cliceáil anseo le haghaidh sonraí
3. Spóirt, Áineas agus Aclaíocht: cliceáil anseo le haghaidh sonraí

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.