Search

05 Sep 2025

Tacaíochtaí breise ag cabhrú go mór le ETB Dhún na nGall

Deir bean as Dún na nGall a bhfuil lagú radhairc uirthi gur chabhraigh tacaíocht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall filleadh ar an oideachas

Tacaíochtaí breise ag cabhrú go mór le ETB Dhún na nGall

Deir bean as Dún na nGall a bhfuil lagú radhairc uirthi gur chabhraigh tacaíocht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall filleadh ar an oideachas

Deir bean as Dún na nGall a bhfuil lagú radhairc uirthi gur chabhraigh tacaíocht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) léi filleadh ar an oideachas.

D’éirigh le Mary Crossin as Baile na nGallóglach, as Doire ó dhúchas, cúrsa oíche sa Riarachán Gnó a chríochnú le déanaí le Seirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Dúirt sí gur chabhraigh foireann Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn an ETB léi chun páirt iomlán a ghlacadh sa chlár trí oiriúnuithe a dhéanamh di. Chomh maith leis sin, cuireadh fáilte chroíúil roimh mhada treorach Mary, Bramble, sa seomra ranga!

Chláraigh Mary sa chlár chun críche uasoiliúna mar chuid de Thionscadal Físe Fostaíochta Madraí Treorach do na Daill in Éirinn, atá á mhaoiniú ag Pobal. Oibríonn sí mar riarthóir ar an tionscadal agus is rannpháirtí í fosta.

Fad is a bhí Mary ag caint faoi ETB Dhún na nGall dúirt sí go raibh an t-eispéireas ar fad an-dearfach agus tacúil.

Cabhraíodh liom chun scrúduithe maithe a dhéanamh. “A luaithe a chláraigh mé, eagraíodh cruinniú chun bualadh leis an Oifigeach Tacaíochta Mic Léinn chun mo riachtanais a mheas. Cinntíodh go raibh na háiseanna fóirsteanach do mhada treorach. Chuir gach duine fáilte roimh Bramble agus chuir mo theagascóir, Mary Feeney, cibé rud a bhí ag teastáil uaim ar fáil dom.”

Cúis áthais do Mary go rabhthas in ann cabhrú léi ar gach dóigh riachtanach. Tugadh ríomhaire glúine di ar a raibh bogearraí formhéadaithe, nótaí i gcló mór, am breise do scrúduithe agus seoladh a sleamhnáin di trí ríomhphost roimh an rang ionas go mbeadh deis aici an t-ábhar a léamh.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “Is áis iontach é ionad Leitir Ceanainn ina bhfuil rampaí agus chuir gach duine, idir na daoine atá ag obair sa chaifé agus mo chomhghleacaithe ranga, fáilte romham féin agus roimh Bramble. Bhí na rudaí beaga breise sin ar fad an-chabhrach”.

Cuireadh an cúrsa Riaracháin Ghnó ar fáil ar bhonn páirtaimseartha tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 13 seachtaine. Is modúl amháin a bhí ann a thug léargas ginearálta ar obair riaracháin oifige agus ar an obair a dhéanann an earnáil ghnó. Bronnadh Miondámhachtain Leibhéal 5 QQI ar mhic léinn as na scileanna a shealbhaigh siad, cosúil le cláir oibre agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile, rialú cáilíochta, rialú stoic, sreabhadh creidmheasa agus airgid, foinsí airgeadais, árachas agus próiseáil doiciméad gnó.

Chomh maithleis sin, thapaigh mic léinn an deis chun tuilleadh modúl a chur i gcrích a bhain le cánachas, párolla agus
leabharchoimeád.

Roimhe sin, bhí Mary ag obair sa státseirbhís i dTuaisceart Éireann agus bhí ról oifige aici san Astráil. Nuair a d’fhill sí ar Éirinn, dhírigh sí ar an cheol. Is cláirseoir, amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta cumasach í.

Dúirt sí go bhfuil neart taithí oifige aici ach gur shíl sí go mbainfeadh sí tairbhe as cúrsa athoiliúna nó uasoiliúna
agus cáilíocht a bhaint amach. “I ndiaidh dom páistí a bheith agam agus as siocair nach bhfuil ar mo chumas tiomáint, tá na roghanna fostaíochta atá ar fáil dom teoranta, go háirithe i nDún na nGall, agus i ndáiríre ní féidir liom obair áirithe a
dhéanamh de bhrí nach bhfuil radharc na súl sách maith agam chun oibriú i réimsí cosúil le miondíol.

“I ndiaidh COVID, chiallaigh an obair ó chian go raibh níos mó roghanna ann.

Sa ról nua atá ag Mary leis an Tionscadal Físe Fostaíochta tá deis aici oibriú le daoine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu chun cabhrú leo filleadh ar an obair nó ar an oideachas. Cabhraíonn Mary agus a bainisteoir tionscadail le daoine le haon ghné d’fhostaíocht, agus go minic dírítear ar oideachas ar dtús.

I gcás rannpháirtithe eile, tá inrochtaineacht fós ag cruthú fadhbanna. “Tá go leor dár rannpháirtithe ardcháilithe, tá a n-éachtaí agus ardleibhéil oideachais dochreidte ach teastaíonn deis uathu chun fostaíocht a fháil. Bíonn drogall ar roinnt fostóirí deiseanna a chur ar fáil do dhaoine; tá sé mar aidhm leis an obair atá á déanamh againn deiseanna a chruthú do dhaoine ardspreagtha agus éirimiúla.”

Mar chuid dá haistear féin, bhuail Mary le treoirchomhairleoir gairme ón Tionscadal Físe Fostaíochta a mhol filleadh ar fhoghlaim ar an láthair arís chun tairbhe a bhaint as timpeallacht foghlama níos tacúla.

Shíl Mary go raibh an cúrsa a bhí á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall an-spéisiúil, go háirithe an staidéar a rinneadh ar an earnáil charthanais neamhbhrabúis.

Anois ó tharla go bhfuil an dámhachtain Leibhéal 5 críochnaithe aici, tá sé beartaithe aici tuilleadh cúrsaí a dhéanamh.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “Ba mhaith liom níos mó scileanna riaracháin a fheabhsú ionas go mbeidh tuiscint agus eolas níos fearr agam ar na pacáistí bogearraí éagsúla. Is maith liom labhairt le daoine agus nasc a bhunú le daoine, dá bhrí sin, baileoidh mé roinnt eolais faoi na cúrsaí sula ndéanaim cinneadh faoin gcúrsa is oiriúnaí dom.”

Is fianaise é scéal Mary ar thiomantas agus ar dhíograis ETB Dhún na nGall chomh fada is a bhaineann le hoideachais ionchuimsitheach agus inrochtana a chur ar fáil do gach duine.

“Mholfainn ETB Dhún na nGall d’aon duine atá ag smaoineamh ar ról riaracháin nó ar thosú ag staidéar arís nó ag cur isteach ar phost.

“Bhí foireann an ETB an-spreagúil, tá áiseanna agus baill foirne iontacha ar fáil. Bainfidh mé tairbhe as arís cinnte mar áis chun cabhrú liom leanúint ar aghaidh le mo chuid staidéir.”

Má tá tú ag smaoineamh ar ghairm nua, ar chúrsa uasoiliúna nó athoiliúna, tá raon leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha á dtairiscint ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae faoi láthair. Seiceáil do roghanna ar an suíomh gréasáin nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi do roghanna, déan teagmháil leis an tSeirbhís um Treoir d’Aosaigh agus Faisnéis trí ghlaoch ar an uimhir 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus déanfaidh duine éigin teagmháil leat - cliceáil anseo.

*Ábhar urraithe

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.