Search

06 Sep 2025

Baineann fiche a ceathair printíseach Dhún na nGall céim amach

Bhronn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) teastais ar na céimithe ag searmanas bronnta céimeanna i Leitir Ceanainn ar an Aoine, Deireadh Fómhair 13

Baineann fiche a ceathair printíseach Dhún na nGall céim amach

Bhí fiche ceathair printíseach ó Dhún na nGall i measc grúpa d'ochtó a hocht printíseach ceardaíochta ó sheacht gclár printíseachta déag ar bhronnadh céim orthu ar na mallaibh.

Ní raibh 124 printíseach, fiche a ceathair ó Dhún na nGall san áireamh, a cháiligh ar na mallaibh, in ann freastal ar an searmanas mar gheall ar fhostaíocht agus ar ghealltanais eile.

Bhronn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) teastais ar na céimithe ag searmanas bronnta céimeanna i Leitir Ceanainn ar an Aoine, Deireadh Fómhair 13.

Bhain na céimithe gradaim amach sna printíseachtaí seo a leanas: Meicnic Talmhaíochta, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht, Feistiú Gléasra Tógála, Leictreach, Córais Slándála Leictreonacha, Meicnic Feithiclí Troma, Ionstraimíocht, Uathoibriú Meicniúil agus Feistiú Cothabhála, Mótarmheicnic, Oibriú Miotail, Plástráil, Feistiú Píobáin, Pluiméireacht, Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid, Uirliseoireacht, Gearradh Cloch agus Saoirseacht Chloiche agus Cóiriú Creatlach Feithicle.

Ag bronnadh na nduaiseanna, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh: “Tá muid millteanach bródúil as ár bprintísigh inniu agus iad ag ceiliúradh na hócáide tábhachtaí seo lena dteaghlaigh agus lena gcairde.

"Thug foireann na printíseachta sna ETBnna agus a gcuid fostóirí, ar ndóigh, tacaíocht dóibh. Tá ról lárnach ag na páirtithe leasmhara ar aistear na printíseachta agus inniu tugann muid ómós dóibh siúd a oibríonn go dian chun ár bPrintísigh a ullmhú dá ról tábhachtach inár ngeilleagar.

"Tá ár bprintísigh ullmhaithe go maith le bheith ag obair in Éirinn, áit a bhfuil ráchairt ar a gcuid scileanna, nó go deimhin tá cáilíocht acu a ghlacfaidh iad áit ar bith ar mhaith leo dul. Guíonn muid gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin chéad chuid eile dá ngairm bheatha.”

Ag déanamh comhghairdis leis na printísigh a fuair duaiseanna, dúirt Paul Hannigan, Ceann an Choláiste, OTA Dhún na nGall; “D'éirigh go hiontach leis an oiliúint printíseach ó tugadh isteach é an athuair agus mar sin de tá muid ag plé faoi láthair leis an HEA chun ár soláthar a mhéadú i gCéimeanna 4 agus 6 trasna roinnt Printíseachtaí Ceardaíochta.

"Cinntíonn ár gcomhpháirtíocht chomhoibríoch leanúnach leis na ETBnna i nDún na nGall, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim go bhfaigheann na printísigh sa cheantar seo an caighdeán is airde oiliúna. Cuirtear printíseachtaí ar fáil trí mheascán d’oiliúint fhostóir-bhunaithe ar an láthair oibre agus oiliúint lasmuigh den láthair oibre a ligeann do na printíseachtaí airgead a shaothrú agus iad ag foghlaim agus ag baint cáilíocht amach atá aitheanta go hidirnáisiúnta."

Ag labhairt ag an ócáid dúirt Príomhfheidhmeannach MSLETB, Tom Grady: “Tá ról ríthábhachtach ag printíseachtaí mar tugann siad an t-eolas, na scileanna agus an saineolas do phrintísigh a éilíonn tionscail, agus tugann siad bealach dóibh gairmeacha beatha tairbheacha a fháil. Ba cheart go mbeadh bród ar na printísigh as an bhealach seo a roghnú.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na fostóirí agus na meantóirí a thug tacaíocht do na céimithe seo le linn a bprintíseachtaí. A phrintísigh, tá bhur ndíograis agus bhur n-obair chrua le moladh agus is fíoreiseamláir sibh do bhur bhfostóir, do na cláir phrintíseachta seo agus dár ETBnna. Go n-éirí libh in bhur ngairmeacha beatha agus iarrachtaí amach anseo.”

Agus é ag tréaslú leis na printíseachtaí ar bronnadh gradaim orthu thug Bainisteoir Oiliúna Limistéir, ETB Dhún na nGall, Vinny McGroary, aitheantas do ról na bhfostóirí: "Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a ghabháil leis na fostóirí ar fad trasna na réigiún mar gheall ar an ról ríthábhacht a imríonn siad in oiliúint ár bprintísigh.

"Tá an fás leanúnach i gClárúcháin Printíseachtaí ag tacú leis an gheilleagar áitiúil agus réigiúnach agus bainfidh muid uilig leas as sin. Agus an dá ETB ag leanstan de na hoibríochtaí printíseachtaí inár gcontaetha a bhainistiú, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt fosta d’obair iontach na foirne teagaisc atá freagrach as soláthar Céim 2 oiliúint lasmuigh den láthair oibre agus dár gcomhghleacaithe san OTA a chur Céim 4 agus 6 i gcrích trasna na réigiún."

Faoi dheireadh Mhí Lúnasa na bliana seo, bhain chóir a bheith 9,000 fostóir úsáid as printísigh chun tacú lena ngnó agus chun a ngnó a fhás go náisiúnta, le beagnach 25,500 printíseach ag críochnú oiliúna s’acu faoi láthair.

Le breis eolais a fháil faoi na cláir phrintíseachta atá ar fáil, le bheith i d’fhostóir faofa nó le clárú mar phrintíseach, déan teagmháil le foireann printíseachta ETB Dhún na nGall ar 074 91 20500.

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.