Idir na daoine seo atá ag iarraidh teach a cheannacht don chéad uair agus iad siúd atá ar tí dul ar scor, cuidíonn sraith úr de chuid BBC Gaeilge leo a sártheach a aimsiú.
Beidh sé chlár sa tsráith. Is cuma más ruaille buaille na cathrach nó saol ciúin i gceantar tuaithe atá uathu, tugann Bog Amach ar aistear muid chuig áiteanna áille agus tithe suimiúla, le dea-chomhairle ó shaineolaithe réadmhaoine.
Gach seachtain cuidíonn ár láithreoir úr, Emer Mhic an Fhailí as Béal Feirste, le clann nó le lánúin éagsúil. Is bean í Emer a bhfuil dúil aici sa dearadh, i línte ghlana agus i siméadracht. Beidh trí theach i rogha ceantar na lorgairí tí le taispeáint gach seachtain, idir thithe lándéanta agus iad siúd a bhfuil obair mhór de dhíth orthu go fóill, agus beidh praghas luaite leo dá réir. Tiocfaidh idir iontais agus dhúshláin as an chuardach.
Strident Media a léirigh Bog Amach do BBC Gaeilge agus RTÉ, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann. Craolfar an chéad chlár ar BBC Two Northern Ireland agus ar BBC iPlayer Dé Luain, Meán Fómhair 25 ag 22:00.
Thar na sé seachtaine, cuidíonn Emer le daoine aonair, le teaghlaigh agus le lánúineacha tír na hÉireann a chíoradh le teach a a aimsiú a bhfuil a gcroí istigh iontu agus chomh maith leis sin, an t-aistriú mór a dhéanamh – is cuma cé acu aonaracht cois farraige nó spionnadh na cathrach atá uatha, agus beag beann ar a n-áit ar an dréimire réadmhaoine.
Tá Emma Devlin sa tóir ar a céad teach i mBéal Feirste. Tá mamaí s’aici Cora ag cuidiú léi teacht ar theach a bheidh foirfe di féin agus dá cat, Setanta.
Le linn na sraithe, buaileann muid le daoine atá ag filleadh ar Éirinn agus le daoine atá réidh le teach a cheannach seachas ceann a bheith ar cíos acu.
I ndiaidh a bheith ina gcónaí thar lear sa Nua-Shéalainn, tá lánúin óg Críostóir agus Úna ar ais in Éirinn. Tá siad ag iarraidh socrú síos i gcontae dúchais s’acu, Dún na nGall. Tá lánúin óg Páidí agus Naomi braon de a bheith ag íoc cíosa, agus tá siad réidh lena dteach féin a cheannach i mBéal Feirste.
Tá Tiarnán agus a bhean chéile Marylin ina gcónaí i gCeanada le 33 bliain ach tá siad ag smaoineamh ar aistriú mór a dhéanamh ar ais go hÉirinn lena gcúnna faoil Albanaigh. Ba mhaith leo a bheith níos giorra dá muintir agus teach a fháil i Loch Garman.
Ba mhaith le Eileen saol tuaithe i gContae an Chláir a fhágáil ina diaidh agus bogadh go cathair bhríomhar Dhoire.
Tá clann Mhic Eoin ag iarraidh saol suaimhneach a aimsiú i gConamara. Tosnaíonn an tsraith úr de Bog Amach ar BBC iPlayer agus BBC Two Northern Ireland ar Meán Fómhair 25 ag 22:00.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.