Search

06 Dec 2025

Leabhar nua faoi na héin i dTír Chonaill

Cnuasach de mhíreanna eolais inspéise atá sa leabhar seo, iompar na n-éanacha, béaloideas fúthu, an chiall a bhaineann leis na hainmneacha eolaíocha, logainmneacha a bhaineann leo, agus seanfhocail

Leabhar nua faoi na héin i dTír Chonaill

FILE PHOTO

Is cúis mhór mórtais í do LeabhairCOMHAR go bhfuil leabhar nua Éanlaith Iarthuaisceart Thír
Chonaill leis an údar Maitiú Ó Murchú foilsithe agus ar fáil don phobal anois.
Cnuasach grianghraf agus téacs ar ghné den fhiadhúlra in Iarthuaisceart Thír Chonaill, taobh tíre a
bhfuil taithí ag an údar air, atá sa leabhar seo. Shiúil sé a dhúiche agus ceamara ina láimh aige le
taifead a dhéanamh ar na héanacha sa cheantar ó Ghaoth Beara na dtonn chun na Dúchoradh aníos
a fhad le Gleann Bheatha agus chomh fada le Dún Fionnachaidh ó thuaidh ag pilleadh siar bealach an
chósta chuig inbhear Abhainn Ghaoth Beara.
Cnuasach de mhíreanna eolais inspéise atá sa leabhar seo, iompar na n-éanacha, béaloideas fúthu,
an chiall a bhaineann leis na hainmneacha eolaíocha, logainmneacha a bhaineann leo, agus
seanfhocail.

Tá léargas ar fáil ar an dóigh a thiompaíonn rotha mór an tsaoil ag na héanacha agus an
tionchar a bhíonn ag na séasúir ar na speicis éagsúla a bhíonn inár measc, roinnt acu ag imeacht
uainn agus a thuilleadh ag tarraingt orainn, chomh maith leo sin a chónaíonn go buan inár
gcuideachta.
Dúirt an t-údar Máitiú Ó Murchú: "Tá mé ag tnúth go mbainfear sásamh agus tairbhe as an leabhar.
Tugtar léargas ann ar éagsúlacht fhána éanúil iarthuaisceart Thír Chonaill. Tá ardchaighdeán deartha
agus cló ar an leabhar agus é tarraingteach snasta mar is dual do LeabhairCOMHAR.’


Is leabhar ar leith é seo a chuireann eolas agus ábhar ar fáil faoi níos mó ná 100 speiceas éanacha.
Ón áinleog go dtí an uiseog, tá cuntas san fhoilseachán seo ar éanacha móra agus beaga, éanacha
mara, éanacha creiche agus éanacha gairdín.
'Tá ríméad orainn an leabhar álainn seo a fhoilsiú agus a roinnt leis an bpobal. Tá an-dua caite ag an
údar, Maitiú Ó Murchú, len é a tharraingt le chéile le 11 bliain anuas agus tá lúchair ar LeabhairCOMHAR go bhfuil deis ag an bpobal toradh a chuid oibre a fheiceáil anois. Idir na
grianghraif agus an téacs, measann muid go mbeadh an leabhar seo an-oiriúnach don bhord chaife i
dteach ar bith sa tír', a dúirt Jennifer Gorissen, Feidhmeannach Foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.