Táthar ag obair ar ionad gteic a thógáil ar oileán Thoraí i láthair na huaire. Tá an togra seo mar pháirt d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, ar fud fad oileán na hÉireann.
Mar chuid den togra seo tá sé i gceist ionad gteic a lonnú san ionad atáthar a thógáil in aice leis an Ionaid Pobail ar Thoraigh. Tá an tIonad Pobail aitheanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar phointe Ceangal Leathanbhanda faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Comharchumann Thoraí Teo. atá i mbun na hoibre agus is iad Comharchumann Thoraí Teo. a bheas freagrach as bainistiú agus riaradh an ionaid ar bhonn comhaontaithe le hÚdarás na Gaeltachta.
Táthar ag súil spás oscailte tarraingteach a fhorbairt mar mhol digiteach ina mbeidh thart ar daosean deasceanna shealaíochta/chomhroinnte ar fáil ann amach anseo.
Beidh úsáideoirí gteic@Toraigh in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna a bheidh ar fáil sa bhfoirgneamh cosúil le seomra cruinnithe, cistineach agus spásanna comhroinnte.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.