Baile na Finne
Seolfaidh an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’ Donovan, T.D., Plean Teanga na Gaeltachta Láir, tráthnóna inniu, Dé Mairt, in Áras Sheáin Bán i mBaile na Finne.
Is iad Gleann Fhinne CTR, Ceanneagraíocht na Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, a stiúir an próiseas seo ó cuireadh tús leis i mí Aibreán 2017, agus tá moladh ar leith ag dul dóibh, chomh maith leis an Oifigeach Pleanála Teanga, Aodh Mac Ruairí agus pobal na Gaeltachta Láir, a thug tacaíocht agus cuidiú don phlean ón gcéad lá, ar mhaithe leis an nGaeilge a neartú agus a threisiú ina gceantar féin.
Tá sé mar aidhm ag an bPlean Teanga dul i bhfeidhm ar chleachtas teanga an phobail ar bhealach dearfach, agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga a ardú 10% le linn tréimhse seacht mbliana an phlean.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin inniu: “Tréaslaím le pobal na Gaeltachta Láir agus le gach duine a raibh lámh acu i réiteach an phlean seo. Is údar mór bróid don Údarás an oiread de na pleananna seo atá á bhfeidhmiú go cumasach anois i Limistéir Phleanála Teanga ar fud na Gaeltachta. An tseachtain seo caite a fostaíodh an 26ú Oifigeach Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta; is díol suntais an dea-thionchar atá á imirt anois ag na hOifigigh seo ar chleachtas teanga agus ar sheasamh na Gaeilge sna pobail a bhfuil siad ag freastal orthu.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.