Search

21 Oct 2025

An t-Earrach a cheiliúradh le féile Ghaeilge úrnua ag Comhluadar Luimnigh

Beidh neart craic agus ceol ag ócaidí an deireadh seachtaine beag seo

Seoladh féile nua lánGhaeilge sa mheániarthair

Beidh an ócáid ar siúl an deireadh seachtaine seo

Déanfaidh Comhluadar Luimnigh, líonra Gaeilge atá lonnaithe i Luimneach, an t-Earrach a cheiliúradh le féile Ghaeilge úrnua. Beidh an fhéile, Féile an Earraigh, ar siúl in áiteanna éagsúla sa chathair agus sa chontae an deireadh seachtaine seo 24 go 26 Feabhra 2023.

"Tá rud éigin ann do chách" a dúirt Denis Kelly, ball den choiste. "Tá Comhluadar Luimnigh ag dul ó neart go neart i gcónaí agus beidh an fhéile seo ina deis do chainteoirí óga agus aosta, líofa agus dóibh siúd a bhfuil cúpla focal acu teacht le chéile, líonrú, bualadh suas le seanchairde agus cairde nua a dhéanamh". 

Beidh imeachtaí ar siúl sa chathair agus sa chontae agus beidh neart craic agus spraoi ag baint astu. 

Beidh Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh i mbun léachta cainte agus filíochta le Dubhán Ó Longáin ag 1 in Déardaoin, Feabhra 23.

Dé hAoine, Feabhra 24, beidh an ciorcal comhrá seachtainiúil ar siúl i Margadh an Bhainne ag 1 a chlog. Ag 4 i.n beidh siúlóid dúlra treoraithe i Mainistir Ghleann Stail.

I measc na n-imeachtaí do pháistí ar an Satharn, beidh ceardlann ceardaíochta agus seó puipéad in Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Chill Mhuire ag 12:30 in le lón ar fáil. Ag 4 in beidh ceardlann Lego as Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál.

Beidh tráthnóna sóisialta ann ag seoladh Sheachtain na Gaeilge i gCafe Oahu i Sráid Thomáis ag 7.30, Dé Sathairn. Bíonn an ciorcal comhrá ar siúl, go rialta, ag 8in in Óstán Pháirc Chaladh an Treoigh tráthnóna Dé Domhnaigh.

Is grúpa é Comhluadar Luimnigh a eagraíonn imeachtaí trí Ghaeilge i gcathair agus i gcontae Luimnigh. Roinneann siad eolas faoi gach rud a bhaineann leis an nGaeilge, idir imeachtaí beaga agus móra.

Tabhair cuairt ar www.comhluadarluimnigh.ie le haghaidh tuilleadh eolais agus nuashonruithe. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.