Linda Keating
Tá cluiche úr d’arbh ainm LITREACH foilsithe ag an fhorbróir gréasáin Linda Keating. Is í Linda a chur amach an cluiche FOCLACH, an leagan Gaeilge de Wordle. Is dúshlán laethúil litrithe é an cluiche úr ina mbíonn ar an imreoir 5 fhocal a litriú gach lá.
Sa chluiche cluinfidh tú na focail a rá sna 3 mórchanúintí agus bíonn 5 iarracht agat an focal a litriú i gceart. Tá súil ag Linda go gcuideoidh an cluiche tuilleadh muiníne agus uchtaigh a thabhairt do dhaoine atá ag scríobh agus ag litriú i nGaeilge. Tá leagan amach an chluiche úir cosúil leis an leagan amach atá ag FOCLACH, faigheann na himreoirí 5 dheis le gach fhocal a litriú i gceart agus tugann an cluiche leideanna do na himreoirí a chuidíonn leo na focail a litriú i gceart.
Le seoladh an aip úr a cheiliúradh, tá Linda, i gcuideachta le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt (MPTIT) agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ag eagrú Comórtas Litrithe do Bhunscoileanna ar an Déardaoin, Eanáir 19ú ag 10am sa Leabharlann i nGaoth Dobhair.
Beidh duais speisialta de tháibléad - Fire7 – mar chéad duais sa chomórtas litrithe agus duaiseanna eile don dara agus tríú háit. Ach ní bheidh díomá ar aon cheann de na hiomaitheoirí nó bronnfar leabhar galánta ón fhoilsitheoir leabhar Éabhlóid ar gach dalta a ghlacann páirt sa chomórtas.
Tá rialacha an chomórtais iontach simplí – leanann sé na rialacha céanna a bhíonn ag an chomórtas cháiliúil Mheiriceánach ‘Spelling Bee’. I ngach babhta, tugtar focal faoi leith do gach iomaitheoir agus déanann an iomaitheoir iarracht an focal a litriú os ard. Éiríonn na focail níos deacra le gach babhta. Is é an duine deireanach a litríonn gach focal ceart an buaiteoir.
Tá sé chóir a bheith bliain anois ó tháinig FOCLACH amach agus bhí rath iontach ar an chluiche sin le linn na bliana. Imríodh 2 mhilliún cluiche FOCLACH le bliain anuas agus imríodh é in 145 tír éagsúil ar fud an domhain. Bhí sé luaite go forleathan ar na meáin náisiúnta, ar an raidió agus ar an teilifís.
Táthar ag súil go n-éireoidh go maith le LITREACH chomh maith. Cé nach bhfuil LITREACH seolta go hoifigiúil go fóill, feictear go bhfuil imreoirí as os cionn 20 tír i ndiaidh é a imirt cheana féin le cúpla seachtain anuas, ón Spáinn go dtí An Chóiré
Theas. Tá imreoirí ag déanamh cur síos ar an chluiche ar na meáin shóisialta mar ‘chluiche iontach’ agus ‘píosa spraoi’ agus tá súil againn go mbaintear neart spraoi as.
Rinneadh taifid le cainteoirí dúchais ó na 3 mórchanúintí don aip. Is iad Clodagh Ní Ghallchóir as Gaoth Dobhair, Caitríona Ní Dhomhnaill as Baile na hAbhann agus Sláine Ní Cathalláin as Baile na nGall atá le cluinstin ag rá na focail ar an aip.
Tá muid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don aip agus tá sé le fáil saor in aisce ar líne d’imreoirí ar fud na cruinne. Creideann Linda go láidir sa ghréasán saor agus oscailte. Tá sí tiomanta chun acmhainní a chur ar fáil a chuireann an Ghaeilge chun cinn, gan úsáid a bhaint as fianáin a chuireann isteach ar príobháideachas an duine. Creideann sí go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na hacmhainní seo ar fáil gan fhógraí, go speisialta i suíomhanna oideachais.
Tá an cluiche úr ar fáil anseo ag https://litreach.ie
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.