Eoghan Mac Giolla Bhríde, Róise Ní Bhaoill agus Antain Mac Lochlainn
D'éirigh le leabhar Róise Ní Bhaoill, Imram agus Scéalta Eile, leabhar Gaeilge na bliana a bhaint ag na An Post Irish Book awards aréir.
Ag ócáid san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath a rinneah buaiteoirí a fhógairt. Roghnaíodh leabhar Uí Bhaoill mar Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2023.
Is é Imram agus scéalta eile an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill arb as Rann na Feirste, i nGaeltachta Thír Chonnaill dí. D’fhoilsigh Éabhlóid an leabhar
Rinne an leabhar a sheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Ba é an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn a sheol an leabhar.
“Cnuasach gearrscéalta as an choitiantacht atá ann,” a dúirt Mac Lochlainn, “cnuasach a chuireann comaoin ar an ghearrscéal Gaeilge agus a chuireann casadh ann fosta.”
I ndiaidh d’Antain an leabhar a sheoladh, labhair Róise faoin astar a thug sí fuithi leis an leabhar agus faoi chuid den inspioráid a bhí ar chúl cuid de na scéalta. Ghabh sí buíochas le Caomhán Ó Scolaí agus le Mícheál Ó Domhnaill a d’oibir ar an leabhar agus le hÉabhlóid as an leabhar a fhoilsiú.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.