An té a thabharfadh sciuird thart timpeall na hEaragaile agus ceantar Ghaoth Dobhair, tiocfaidh
siad ar óstán breá darb ainm an Chúirt. Tiarna talún áitiúil a thóg, darbh ainm George Hill. Is
doiligh a rá cén sórt duine a bhí ann, óir is iomaí scéal a mhaireann faoi, idir mhaith agus olc.
Déantar iarracht anseo fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile
lena gcomhthéacs staire agus pearsana, le cuidiú linn a oidhreacht sa cheantar a mheas go
cothrom.
Foilsíodh paimfléad in 1845, Facts from Gweedore a chuir go mór le clú Hill. Tugann sé insint
Hill ar an obair a rinne sé i nGaoth Dobhair, i bhfocail Sir James Dombrain. Is é léargas an tiarna
talaimh atá ann agus ní raibh achan duine ar aon intinn faoin mhéid a rinne Hill sa pharóiste.
D'éirigh coimhlint idir an tiarna talaimh, na sagairt agus pobal Ghaoth Dobhair sna 1850í agus tá
cur agus cúiteamh faoin scéal ó shin.
Scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir a chuireann spéis ar leith i litríocht na
Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus an stair a chur an leabhar i gceann a chéile.
Seolfaidh Noel Ó Gallachóir leabhar úr Chathal Póirtéir An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in.
Is Cló Iar Chonnacht an foilsitheoir.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.