Seolfaidh Orla Ní Fhinneadha, as Cúla4 ar Scoil, Céilim agus Rírá, sraith de cheithre leabhar le Megan Ní Ifearnáin agus Vince Reid ar an Aoine, Deireadh Fómhair 3 ag Aonach an Oireachtais.
Bíonn eachtra nua ag Céilim agus ag Mamaí gach séasúr sa bhliain. Bíonn madra Chéilim, Rírá, ag imirt folach bíog sna léaráidí freisin. Coinnigh súil amach dó.
Leabhair shimplí iad seo a d’oirfeadh do pháistí óga - más iad féin atá á léamh, nó má tá duine eile á léamh os ard dóibh – agus tá spleodar, iontas agus greann sna léaráidí le Vince Reid.
Beidh comórtas dathúcháin bunaithe ar an obair ealaíne sna leabhair seo á eagrú ag an nGúm i gcomhar le Glór na nGael agus foilseofar buaiteoirí an chomórtais ag an seoladh.
I measc na leabhar nuafhoilsithe eile a bheidh á seoladh ag Orla beidh Áiteanna Iontacha Aisteacha le Miralda Colombo agus Beatrice Cerocci.
Ba í Máire Ní Chualáin a rinne an leagan Gaeilge den leabhar seo a thugann ar thuras timpeall an domhain muid chun chuairt a thabhairt ar 15 iontas de dhéantús an duine – Pirimid Chúfú, Angkor Wat, Petra agus go leor eile.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.