Pic ó Raidió na Life
I Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023.
Ina measc súid bhí Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg, Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta agus Gradam de Bhaldraithe, gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile.
Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla seo. Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, An Dr. Gearóid Denvir, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Cló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Leabhar Breac, Cló-Iar Chonnacht agus Futa Fata a bhfuil gradam foilsitheoireachta bronnta orthu agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.
“Molaim an obair fhiúntach cheannródaíoch atá ar siúl i measc na dtithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí go léir a dhéanann cinnte go bhfuil sárfhoilseacháin i nGaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge," a dúirt sí.
Ag an ócáid chéanna, i mBaile Átha Cliath, sheol COMHAR, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2023 agus d’fhógair an Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2024, Ciara Ní Éineacháin, Eithne Ní Ghallchobhair, Majella Ní Dhomhnaill, Matt Hussey, Michelle O Riordan, Ógie Ó Céilleachair, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Seán Ua Súilleabháin.
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin:“Tréaslaím le buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta, leis na foilsitheoirí féin, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí uilig ar ghearrliostaí 2023. Léiríonn ardchaighdeán na bhfoilseachán an rogha fhairsing atá ar fáil i mbliana do léitheoirí Gaeilge idir óg agus fásta. Ábhar mórtais atá i liosta na Scríbhneoirí Gaeilge 2024 ó thaobh ilchineálacht na réimsí agus a bhfuil bainte amach ag na scríbhneoirí go dtí seo.”
Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara san Amharclann Riverbank, Cill Droichead, Co. Chill Dara ag 7pm, Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 4, tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl.
Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 1-5 Samhain, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2023.
Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.