Déanfar iniúchadh sa tsraith faisnéise seo ar shochaí iar-choimhlinte an Tuaiscirt, trí thaithí agus scríbhinní cruthaitheacha an ghrúpa Scríbhneoirí an tSléibhe, meitheal scríbhneoirí i mBéal Feirste a bunaíodh mar thacaíocht do mhuintir na háite.
San eagrán seo, labhrann Conor le Seán ‘Johnboy’ Ó Muireagáin, údar ó Bhéal Feirste. I measc na leabhar dá chuid atá foilsithe, tá Bádh B’fhéidir, Gáire in Éag agus Sconsa.
Chaith Seán 35 bliana ag obair in earnáil na Gaeilge in eagraíochtaí éagsúla, Comhairle na Gaelscolaíochta ina measc. Bhí sé mar éascaitheoir ar an chúrsa scríbhneoireachta de chuid Ghlór na Móna agus chuidigh sé le daoine ó Bhéal Feirste tús a chuir le haistear scríbhneoireachta s’acu féin.
Seo léiriú de chuid Corcra Media do BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Beidh an clár ar siúl Dé Ceadaoine, Lúnasa ar a 1.30pm.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.