Search

06 Sep 2025

An Seisiún: sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuirfear tús le sraith nua den chlár ceoil nuálach An Seisiún ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Dhomhnach Cásca ag 7 pm.

Is iad na ceoltóirí Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (krea) a bheas le cloisteáil i mbun oibre le chéile sa stiúideo sa chéad chlár sa tsraith nua ar an Domhnach.   

Sa tsraith An Seisiún, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo taifeadta ar feadh 12 uair an chloig agus é mar aidhm acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin, le tacaíocht ón léiritheoir ceoil aitheanta Karl Odlum.  

Roghnaítear ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le bheith ag obair le chéile don togra seo agus cloiseann an lucht éisteachta iad i mbun oibre sa stiúideo, agus mar atá ag éirí leo agus iad ag iarraidh an sprioc a bhaint amach.  

Faightear léargas ar an bpróiseas cruthaitheachta, agus ar ghairm an cheoltóra agus an chumadóra.

Tá coincheap An Seisiún bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Bhuaigh an chéad shraith den chlár Gradaim Raidió IMRO.  

Cloisfidh muid Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (Krea) i gclár 1 sa tsraith nua.  Is as Tír Chonaill d’Eve Belle, amhránaí agus cumadóir ceoil.  Foilsíodh a céad albam, In Between Moments, ar lipéad Rubyworks i 2020.  

Is giotáraí agus cumadóir é Neil Ó Briain as Corcaigh, agus d’eisigh sé a dhara albam sa bhliain 2021. Is baill den ghrúpa Wyvern Lingo í Karen Cowley, agus d’eisigh sí a céad singil aonair sa bhliain 2022 faoin ainm Krea.   

Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an tsraith i láthair. Is iad Cian agus Lisa McGeough na léiritheoirí, agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tionscadal.  Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís. 

Beidh na ceoltóirí seo a leanas le cloisteáil; Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (Krea) RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, Aibreán 9, Síomha, Oisín Walsh-Peelo agus Megan Nic Ruairí | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 16 Aibreán, Eoghan Ó Ceannabháin, Doireann Ní Ghlacáin agus Cúán De Búrca RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 23 Aibreán; Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 30 Aibreán,  John Spillane, Róisín Seoighe agus Oisín Mac RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 7 Bealtaine agus UshMush, Bernadette Nic Gabhann agus TADHG RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 14 Bealtaine. 

Craolfar an clár ar 7 pm.  

 

Craolfar an chéad chlár sa tsraith An Seisiún Dé Domhnaigh 9 Aibreán ag 7 pm.  Beidh na cláracha ar fáil ar líne freisin, agus beifear in ann éisteacht siar leo ansin ag rte.ie/rnag    

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.