Eimear Ní Mhathúna
BRISEANN AN DÚCHAS
Ag éirigh aníos i nDroichead Nua, bhí gaol ag cuid mhór de mo chuid chomhscoláirí le háiteanna eile sa tír, Corcaigh, An Clár, Gaillimh, áiteanna arb as do mhuintir s’acu agus ar chaith siad a laethanta saoire iontu. Ba é an scéal céanna linne. B’as Dún na nGall do mo mháthair agus nuair a tháinig na laethanta saoire bhí muid uilig ar bís le dul ar ais go Dún na nGall agus leithinis Fhánada, ceantar iargúlta ar imeall an Atlantaigh, le saol agus cultúr a bhí iomlán éagsúil ó bhailte an oirthir. Achan bhliain chuaigh muid amach go dtí an Teach Solais ann agus bhímis ag súgradh ar na carraigeacha taobh leis agus mé ar bís le dul isteach san áit draíochta sin!
Is iontach dom go fóill go bhfuil mé anois ag cur fúm i bhFánaid le mo chlann agus mé i mo bhainisteoir ar an Teach Solais atá anois mar ionad turasóireachta agus an solas ag feidhmiú go huathoibríoch. Tháinig an deis gan coinne ach ní thiocfadh liom gan glacadh leis. Deis í bheith lonnaithe san áit is mó ar domhan ar mhaith liom a bheith agus bheith páirteach i bhforbairt an cheantair agus neartú na Gaeltachta ann. Bhog muid ó Bhéal Feirste i 2015 agus d’oscail an teach solais don phobal i 2016.
CUAIRT AR AN IONAD
Anois is féidir le cuairteoirí turas treoraithe thart fán teach solais a dhéanamh, dreapadh go barr an túir agus cloisint faoi shaol an choimeádaí sa sean-am, faoi longbhristeacha a tharla agus na barraí óir atá caillte ar ghrinneall na farraige. Nó, is féidir fáil ar shiúl ar fad agus fanacht i dtithe cónaithe na gcoimeádaithe - eispéireas speisialta ar fad. Tá ionad cuairteoirí againn le siopa féiríní agus caifé.
Is minic deilfeanna agus míolta móra san fharraige thart orainn agus má tá an t-ádh ort, is féidir na Gealáin Thuaidh a fheiceáil.
FIONTAR SÓISIALTA
Fiontar sóisialta pobail is ea an teach solais agus fiontar Gaeltachta é fosta. Tá muid ag cur fostaíocht ar fáil do dhaoine áitiúla agus tá fiontraí eile tar éis eascairt as sa cheantar. Cuireann mui luach ar an Ghaeilge anseo, cloistear go rialta í ar fud an tsuímh agus téann an aiseolas dearfach a fhaigheann muid ó chuairteoirí ó gach cearn den domhan i bhfeidhm ar an phobal áitiúil.
In ainneoin go raibh 50,000 cuairteoir againn an bhliain seo chuaigh thart, is iomaí duine go fóill nach bhfuil cur amach acu ar Dhún na nGall, nó má bhí siad sa chontae, ní raibh siad i bhFánaid! Más amhlaidh atá sé leatsa, tapaigh an deis anois – cuirfear fáilte mhór romhat!
Scríobh Cill Dara le Gaeilge sna nótaí agus tú ag déanamh áirithint le fanacht ag Teach Solais Fhánada agus tabharfar lacáiste 10% duit!
Bailí ar áirithintí déanta roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2023.
- Eimear Ní Mhathúna
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.