Search

06 Sep 2025

Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta

Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta

Leitir Ceannain, 2019

Tá Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023. Reachtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i mBaile Cheatharlach idir Aibreán 11-16, 2023. 

I gcás na gcomórtas amhránaíochta traidisiúnta, is iad buaiteoirí Chorn Uí Riada, Shean-Nós na mBan agus Shean-Nós na bhfear ó Oireachtas na Samhna 2022 a bheidh ag glacadh páirte ar son na hÉireann. Roghnófar amhrán na hÉireann do Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach ag ócáid in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach, Dé Sathairn, 28 Eanair 2023 ag 8pm. 

“Is deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile. Chomh maith leis sin, tugann sé ardán nua cruthaitheach d’ealaíontóirí na hÉireann”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.  

“D’éirigh go maith leis na hÉireannaigh sna comórtais thar na mblianta, go háirithe san amhránaíocht traidisiúnta agus san amhránaíocht nuachumtha agus i mbliana ba mhaith linn talún na tíre seo a léiriú sna comórtais ceoil, damhsa agus córacha freisin chun ár gcultúr saibhir a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha,” a dúirt sí. 

Ar chlár na féile beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus, ár ndóigh, na comórtais éagsúla ann. 

Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais ná, 20 Márta 2023. Is féidir foirm iontrála a fháil ar-líne ag http://www.panceltic.ie/  agus í a sheoladh chuig competitions@panceltic.ie nó í a sheoladh leis an táille cuí chuig: Comórtais Pan Cheilteach, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02VH98.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.