PICTURE: Facebook/Walsh Byrne Academy of Irish Dancing
Mar chuid den dara Seachtain Dídeanaithe oifigiúil, beidh Conradh na Gaeilge agus ACNAG (Ard-Choimisiún na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe) ag obair le chéile chun céilí ilteangach, ilchultúrtha a sholáthar i gCeathrú Cultúrtha Phort Láirge Dé hAoine 21 Meitheamh.
Cuirfear fáilte roimh dhídeanaithe mar aon le hiarratasóiri ar chosaint idirnáisiúnta agus a dteaghlaigh go lár an bhaile i bPort Lárge le haghaidh tráthnóna lán le dlúthpháirtíocht, ionchuimsitheacht agus le céiliúradh ar éagsúlacht shaibhir na gcultúr sa cheantar.
Dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, Bainisteoir ‘Céad Míle Fáilte’: “Is mór an phribléid dúinn bheith ag obair le lucht eagraithe Sheachtain na nDídeanaithe, ACNAD, chun an t-imeacht seo a chur ar fáil. Baineann Céad Míle Fáilte leis an ionchuimsitheacht a chur chun cinn, agus ní amháin lenár dteanga iontach nó lenár gcultúr iontach féin a roinnt le pobail úra, ach le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúir dhúchasacha úra atá ag teacht chun na tíre seo.
“Is mian linn dlúthpháirtíocht a léiriú ar son phobal na Gaeilge leis na teaghlaigh úra seo atá ag crúthú, go cróga, saol nua daofa féin anseo. Is bealach maith é céilí idirnáisiúnta chun daoine a thabhairt le chéile, a chur in aithne dá chéile agus scileanna úrsa a fhoghlaim. Beidh muid ag teagasc roinnt bunfhrasaí Gaeilge le linn an damhsa, mar aon le cúpla focal eile, agus beidh scoth na gceoltóirí traidisiúnta linn chun tabhairt faoin cheol.”
Titfidh na himeachtaí teaghlaigh seo amach ag Seirbhísí Imeasctha Phort Láirge, 16-18 Sráid Uí Chonaill idir 3in-5.30in, Aoine 21 Meitheamh 2024. Beidh Féasta-Sráide ar an láthair chéanna ag 1pin an lá céanna.
Tá ‘Céad Míle Fáilte’, clár oiliúna Gaeilge d’imircigh, seolta ag Conradh na Gaeilge ar na mallaibh agus imeachtaí faoi lán seoil. Faigheann an tionscadal maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.