Ó chlé: Síofra Devine, Ciara Geaney, Katie Sands, Alex Gregg
Tá tús curtha le Sceideal an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh sraith nua den chlár Ar Bhruach na Sionainne le cloisteáil gach Máirt ag 1.30 pm mar chuid de shraith an tSamhraidh 2024.
Ceithre chlár ar fad a bheidh ann, agus craolfar an chéad cheann 18 Meitheamh 2024 ar 1.30pm.
Beidh ceol beo den scoth i gceist leis an gclár, a taifeadadh in Ollscoil Luimnigh, agus ar ghlac mic léinn, aíonna agus baill foirne páirt ann.
Is iad mic léinn Dámh Chruinne Éireann agus Léann na Gaeilge Síofra Devine, Ciara Geaney, Alex Gregg agus Katie Sands a chuir na cláir le chéile agus a bheidh le cloisteáil mar láithreoirí ar na cláracha éagsúla.
Beidh súil ag cuid de na mic léinn seo a dhul leis an gceol mar ghairm bheatha, agus tugann an taithí seo ag obair ar an tsraith raidió tuiscint dóibh ar an obair, na próisís agus an t-ullmhúchán a bhíonn i gceist leis na meáin.
B'iad Áine Hensey, RTÉ RnaG, agus an léachtóir agus an píobaire aitheanta Máire Ní Ghráda ó Léann na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, a chuir tús leis an togra ceannródaíoch seo an chéad lá sa bhliain 2015.
I mbliana, tháinig an Dr Sorcha de Brún (Léann na Gaeilge) an Dr Róisín Ní Ghallóglaigh agus an Dr Conor Caldwall (Dámh Chruinne Éireann) ar bord leis an togra a stiúradh agus le dreas ceoil a sheinnt chomh maith.
Maoinithe ag Aonad na Gaeilge, ag oifig an Déin in AHSS, agus ag Dámh Chruinne Éireann, beidh togha agus rogha den cheol traidisiúnta le cloisteáil i ngach uile chlár. Is féidir teacht ar phodchraoltaí an chláir ach dul chuig.
Is iad láithreoirí Ar Bhruach na Sionainne ná Síofra Devine (Meitheamh 18); Alex Gregg (Meitheamh 25); Ciara Geaney (Iúil 2); agus Katie Sands (Iúil 9).
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.