Search

25 Oct 2025

Cuireann réaltaí RTÉ an Ghaeilge chun cinn trí fheachtas nua a sheoladh

Cuirfear tús leis an bhfeachtas leis The 2 Johnnies, Brendan Courtney, David O'Reilly, Sinéad Ní Uallachán agus Aindriú de Paor ina measc

Cuireann réaltaí RTÉ an Ghaeilge chun cinn trí fheachtas nua a sheoladh

Tá Creidim Ionat ar ais agus leanfaidh an feachtas ar aghaidh go dtí Dé Céadaoin 8 Bealtaine, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus RTÉ.

Moltar do gach duine aistear pearsana aitheanta Éireannacha a leanúint agus iad ag obair chun a spriocanna Gaeilge a bhaint amach, a sprioc féin a leagan síos le cur i gcrích laistigh den mhí agus clárú do ranganna iontacha ar líne do gach leibhéal, bíodh siad ag staidéar le haghaidh scrúduithe nó ag iarraidh snas a chur ar chúpla focal!

Leanann an tionscnamh nuálach agus comhoibríoch ar líne pearsana aitheanta Éireannacha ar a n-aistear Gaeilge. Le linn fheachtas na bliana seo, beidh Aindriú de Paor ag cóitseáil The 2 Johnnies ar a n-aistear Gaeilge i dtreo na sprice atá acu chun 'When I Play for the County' as Gaeilge a léiriú beo ar an aer!

Idir an dá linn, treoróidh Sinéad Ní Uallacháin Brendan Courtney agus David O'Reilly, ón bpodchraoladh Any News, agus iad ag obair i dtreo na sprice atá acu clár podchraolta dátheangach a thaifeadadh.

Tabharfaidh Sinéad Ní Uallacháin cuairt ar phobail atá ag plé le meantóireacht, lena n-áirítear pobal tuaithe, ilghlúine Charn Tóchair i nDoire, agus cór Gaeilge Chnoc Lín, ‘As Béal a Chéile’, a dhéanfaidh meantóireacht ar Ukrainian Action Choir chun amhrán a fhoghlaim as Gaeilge.

Moltar do dhaoine le gach leibhéal Gaeilge sprioc #CreidimIonat a roghnú agus a chur i gcrích taobh istigh de na ceithre seachtaine agus leanúint ar aghaidh ar forasnagaeilge.ie.

Tabharfaidh na foirne treoir anseo d'úsáideoirí trí na noda, na cleasanna agus na hacmhainní úsáideacha a bheidh in úsáid acu, ar féidir le duine ar bith agus gach duine a bhfuil sprioc Ghaeilge dá gcuid féin acu úsáid a bhaint astu.

Beidh Foras na Gaeilge, in éineacht lena gcuid comhpháirtithe, i mbun comhordú a dhéanamh ar ranganna Gaeilge ar líne atá ar fáil do chách agus do dhuine ar bith, is cuma faoi chaighdeán na Gaeilge atá acu faoi láthair.

Is iontach na ranganna seo, más dalta scoile thú ag ullmhú don Ardteist nó más maith leat cúpla focal a fhoghlaim! Cuirfear tús le ranganna beo ar líne le Gael Linn ar an 8 Aibreán agus beidh siad ar siúl ar feadh ceithre seachtaine ag ceithre leibhéal éagsúla, oiriúnach do gach cineál foghlaimeora.

Is €5 an táille in aghaidh an cheachta agus beifear ag díriú ar réimse ábhair le linn na ranganna, ar nós an teaghlach, taisteal, siamsaíocht agus ceol. Tá na sonraí ar fad maidir leis na ranganna agus faoin mbealach chun clárú ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie.

Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d’aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.

Cláraigh anois ar www.forasnagaeilge.ie agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d’aistear.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.