Mháirín Ní Ghadhra | Facebook/Raidió na Gaeltachta
Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir le TG4, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo chaite.
Bhí an Ard-Fheis ar siúl in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. Duais bhliantúil is ea é Gradam an Uachtaráin a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Bhreandán Ó Cathasaigh, a bhí ina Chathaoirleach ar an ógeagraíocht Ógras. Bhronn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an dá ghradam.
Ag labhairt, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin: “Tá croí Mháirín curtha isteach aici san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sa teanga ar feadh na mblianta, agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici.
"Is cara mór le Conradh na Gaeilge í Máirín, agus tá a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid talainne tugtha go fial flaithiúil aici dúinn i gcónaí. As sin, táimid thar a bheith buíoch di agus is féidir liom a rá nach bhfuil duine ar bith gur bhfearr liom an onóir seo a bhronnadh orthu i mbliana.
"Tá muid ag súil go mór anois le himeachtaí na hArd-Fheise agus gabhaim buíochas ó chroí le craobhacha agus le baill an Chonartha as ucht a gcuid oibre agus a dtacaíocht le bliain anuas.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.