Search

06 Sep 2025

“Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth e léiriú in Amharclann Ghaoth Dobhair

“Táimid ar bís an scéal draíochtúil seo a thabhairt chun beatha in Amharclann Ghaoth Dobhair” a dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríghde. “Tá súil againn go mbeidh deora i súile an lucht féachana, idir óg agus aosta, ‘sé sin deora siocair iad a bheith ag gáirí” a dúirt sé.

“Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth e léiriú in Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Is cúis mhór áthais d'Amharclann Ghaoth Dobhair a fhógairt go mbeidh an gheamaireacht agus Scoraíocht Dhiarmuda & Ghráinne, Ar Oileán an Ghnáth á léiriú ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ón 28ú Feabhra go dtí Márta 2. 

Geamaireacht nua-scríofa atá sa gheamhaireacht agus scoraíocht seo ó péann an t-údar ildánach Eoghan Mac Giolla Bhríghde. 

Suite i ndomhan draíochtúil Oileán an Ghnáth, nochtann Scoraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne scéal eachtraíochta lán le greann, draíocht, rómánsaíocht agus magadh. Tá an scéal dírithe ar an cleamhnas atá beartaithe idir an Prionsa Diarmuid agus an Banphrionsa Gráinne, pósadh a d'fhéadfadh síocháin agus rath a thabhairt dá ríochtaí.

Ach ar an drochuair, tá banríon an dorchadais, Mórígan, agus a comhpháirtí, an vaimpír fuilteach
Abhartach, ag pleanáil cur isteach ar an chleamhnas seo ar mhaithe leo féin. Le carachtair éagsúla, amhail Dagda an Draoi, Rí Lugh, an fuirseoir Manannán, Brigid, Nancy an bheansí, agus an carachtar mistéireach Bi-dad a mhac, téann an scéal trí fhoraoisí draíochtúla, caisleáin mhóra, agus saotharlanna mistéireacha.

Meascann an gheamaireacht, atá feilúnach do teaghlach uilig, eilimintí traidisiúnta scéalta béaloidis agus greann, a thabharfaidh an lucht féachana ar thuras spraíúil.
Is ó thobar chruthaitheach Eoghan Mac Giolla Bhríghde a thagann an gheamaireacht úr seo agus níl amhras ar bith ná go rachfaidh an saothar i gcion ar an lucht féachana ó thús deiridh.
“Táimid ar bís an scéal draíochtúil seo a thabhairt chun beatha in Amharclann Ghaoth Dobhair” a dúirt Mac Giolla Bhríghde. “Tá súil againn go mbeidh deora i súile an lucht féachana, idir óg agus aosta, ‘sé sin deora siocair iad a bheith ag gáirí” a dúirt sé.
Tá ticéid don dráma ar fáil anois.

Is féidir iad a cheannacht sa Chrannóg, i Siopa SPAR Molloy’s agus ar Ticket Tailor. Beidh aon ticéad a bheidh fágtha ar díol ag an doras ar an oíche.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.