Search

06 Sep 2025

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024 fógartha 

Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na pátrúin ar fad a thugann tacaíocht do na comórtais agus d’Fhoras na Gaeilge a thugann bunmhaoiniú dúinn. Ní fhéadfaimis na comórtais liteartha a riar murach an tacaíocht fhlaithiúil a fhaigheann muid ónár bpáirtnéirí éagsúla. Táimid ag tnúth le fómhar bisiúil i ngort na nuascríbhneoireacht Gaeilge i mbliana agus ag pleanáil chun cinn le haghaidh forbairtí suntasacha in 2025

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024 fógartha 

Tá Clár na gComórtas liteartha fógartha ag an Oireachtas. Tríocha a dó comórtas atá ar chlár na bliana seo – ocht déag acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre déag dírithe ar scríbhneoirí óga.

Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile.

I measc na gcomórtas úra atá ar an chlár i mbliana, tá comórtas iriseoireachta do dhaoine fásta faoi 30 bliain d’aois, urraithe ag NÓS. Is í aidhm an chomórtais ná scríbhneoirí óga úra a mhealladh le dul i mbun pinn agus mar aon le duais airgid, beidh an saothar buacach foilsithe ar shuíomh NÓS, irisleabhar ar líne.

Tá comórtais do scríbhneoirí óga briste síos ina trí chuid - bunscoil, meánscoil agus coláistí tríú leibhéil. Mar aon leis na comórtais greannáin do dhaltaí bunscoile, tá comórtais próis, iriseoireachta, ficsin agus filíochta ann do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn fochéime.

Tá na comórtais liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu, deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan, litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn, agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Cuirtear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí. 

“Tá an-áthas orainn Clár na gComórtas Liteartha 2024 a fhógairt inniu”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí an Oireachtais. “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na pátrúin ar fad a thugann tacaíocht do na comórtais agus d’Fhoras na Gaeilge a thugann bunmhaoiniú dúinn. Ní fhéadfaimis na comórtais liteartha a riar murach an tacaíocht fhlaithiúil a fhaigheann muid ónár bpáirtnéirí éagsúla. Táimid ag tnúth le fómhar bisiúil i ngort na nuascríbhneoireacht Gaeilge i mbliana agus ag pleanáil chun cinn le haghaidh forbairtí suntasacha in 2025”, a dúirt sí.

Is féidir iarratas a chur isteach ar líne ag www.antoireachtas.ie nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2024.

Tuilleadh eolais ó Emer Nic Labhraí, An tOireachtas. Is féidir dhul i dteagmhál le emer.niclabhrai@antoireachtas.ie

Is féidir scairt a chur ar 01 4753857.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.